skip to main content

"Tá mé abhaile": Biden i mBaile Átha Cliath

Labhair Eoin Ó Catháin, comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an gclár Tús Áite faoin lá a chaith Uachtarán Biden i mBaile Átha Cliath, ón Áras go Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Eoin gur chur An Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghail agus Jerry Buttimer ón tSeanad fáilte roimh Uachtarán Mheiriceá go Teach Laighean, áit ar thug sé óráid ag caint faoina chuairt go dtí seo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Cheartaigh an tUachtarán an botún a rinne sé an oíche roimhe i nDún Dealgan faoi fhoireann rugbaí na hÉireann a bhuail na All Blacks. Rinne sé tagairt freisin don teaghlach a bhí aige in Éirinn, Finnegans i gContae Lú agus Blewitts i gContae Mhaigh Eo.
Rinne sé iarracht a chuid Gaeilge a úsáid le linn na hóráide nuair a dúirt sé 'tá mé abhaile' agus é ag trácht ar an bhfáilte a cuireadh roimhe go dtí seo in Éirinn.

Níorbh é seo an chéad uair do Bhiden tagairt a dhéanamh don Ghaeilge ar an turas seo. Nuair a thug sé cuairt ar Áras an Uachtaráin, shínigh sé leabhar na gcuairteoirí agus scríobh sé aistriúchán ar an seanfhocal 'an áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas do chosa tú'

Tá Uachtarán Biden ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo inniu le bualadh leis muintir an chontae.