skip to main content

Biden in gContae Lú: Tacaíocht agus teaghlach

Labhair Eoin Ó Catháin le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo ó Condae Lú agus é ag plé cuairt Uachtarán Biden. Bhí moill ar an gcuairt de dheasca an droch aimsir ach d'éirigh leis go leor den chontae is lú in Éirinn a fheiceáil mar sin féin.

Tá fréamhacha teaghlaigh ag an Uachtarán i gContae Lú agus bhí sé ina thosaíocht dó cuairt a thabhairt ar an áit mar gheall air sin. Dár ndóigh, tá Contae Lú suite ar an teorainn chomh maith, rud a luíonn le cúis na cuairte, tacú leis an próiséas síochána agus comóradh a dhéanamh ar 25 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i mBéal Feirste.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Thug Biden cuairt ar Chaisleán Naomh Eoin i gCairlinn, baile beag atá buailte ar an teorainn agus é ar loch Chairlinne agus ansin thug sé aghaidh ar bhaile Dhún Dealgan, áit ar labhair sé faoina chuairt speisialta 'abhaile'. Cé go raibh moill ar chuid den chuairt, d'éirigh go maith le Biden agus é ag tabhairt oráide ag Ollscoil Uladh, áit ar oscail sé an campas nua go hoifigiúil.