skip to main content

The next big thing: Bláth na hÓige

Déardaoin, 13 Aibreáin, 8pm ar TG4

Tá amhránaíocht dhúchasach na nGael ina cuid bhunúsach de thírdhreach ceoil agus cultúir an oileáin seo. Maireann sí ar bhéal na ndaoine, agus tá sí ceangailte go dlúth le spiorad na nGael. Is tréimhse rathúil í seo d'amhránaíocht na Gaeilge agus tá glúin nua faoi bhláth, dream atá muiníneach, bródúil, cruthaitheach agus tiomanta don chultúr dúchasach.

Is sraith nua cheannródaíoch amhránaíochta é Bláth na hÓige a thugann ardán do na hamhránaithe ildánacha Caoimhe & Séamus Ó Flatharta, Méabh Ní Bheaglaoich, Cathal Ó Curráin, Megan Nic Ruairí, Piaras Ó Lorcáin agus Máire & Étáin Ní Churraoin. Tá an amhránaíocht go smior agus go smúsach sna hamhránaithe óga seo, ó Chonamara go Rann na Feirste, Ráth Chairn go hOirialla agus Corca Dhuibhne go Gaoth Dobhair, agus is turas cruthaitheach corraitheach é seo dóibh agus iad ag an tráth seo dá n-aistear ceoil.

Sa tsraith seo caithfidh muid seal in éineacht leis na hamhránaithe óga seo agus iad i mbun an tsaoil. Feicfidh muid iad ag teacht le chéile i Stiúideo Cuan i gConamara, faoi stiúir an amhránaí chlúitigh Síle Denvir agus an veidhleadóra iomráitigh Colm Mac Con Iomaire, agus iad ag comhoibriú agus ag cruthú lena chéile, ag cur an traidisiúin in oiriúint don saol ina maireann siad.

Clár 1: Cathal Ó Curráin. Is é Cathal Ó Curráin as Gaoth Dobhair, amhránaí agus seinnteoir basúcaí, bainseó agus fidle a bheidh faoi chaibidil sa chéad chlár. Thug Cathal leis an gradam 'Best Emerging Artist’ ag na RTÉ Folk Awards in 2022. Tá an domhan mór siúlta aige ag seinm le grúpaí ar nós The Conifers, The High Seas agus The Friel Sisters. Tá Cathal sáite i dtraidisiún amhránaíochta agus ceoil uirlise Ghaeltacht Thír Chonaill ó bhí sé an-óg agus anois tá sé ar dhuine de na ceoltóirí is cumasaí sa tír.

Clár 2: Séamus & Caoimhe Ní Fhlatharta. Is iad Caoimhe agus Séamus Ó Flátharta as ceantar Iorras Aithneach i gConamara a bheidh faoi chaibidil sa dara clár. Bhí an t-ádh orthu beirt gur tógadh iad i gceantar a bhfuil clú agus cáil air mar gheall ar an saibhreas ceoil, amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós atá go smior sa phobal áitiúil. Tá cáil ar Chaoimhe agus ar Shéamus mar gheall ar an gcóiriú nua-aimseartha a chuireann siad ar amhráin aitheanta. Tá go leor gradam bainte amach acu ag leibhéal náisiúnta sa cheol, sa damhsa agus san fhonnadóireacht. Tá siad anseo i Stiúideo Cuan le cuid de na hamhránaithe is fearr sa tír le cóiriú nua a chur ar amhráin ar an sean-nós agus iad a thaifeadadh.

Clár 3: Méabh Ní Bheaglaoich. Ceoltóir Bhaile na bPoc, Méabh Ní Bheaglaoich, a bheidh faoi chaibidil sa tríú clár. Ceoltóir ildánach, amhránaí agus cumadóir, agus duine de theaghlach aitheanta ceoil na mBeaglaoich. Thosaigh sí ag casadh ceoil agus ag gabháil fhoinn nuair a bhí sí an-óg agus ba é a hathair Séamus an chéad mhúinteoir a bhí aici. Tá an domhan mór siúlta aici lena cuid ceoil. Le blianta beaga anuas a thosaigh sí ar an gcumadóireacht agus tá a hainm go mór in airde i láthair na huaire mar gheall ar na hamhráin Ghaeilge a bhíonn sí a chumadh.

Clár 4: Piaras Ó Lorcáin. Is é Piaras Ó Lorcáin, amhránaí óg as Crois Mhic Lionnáin i nDeisceart Ard Mhacha a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Ceantar é seo a raibh Gaeltacht ann tráth agus ceantar saibhir filíochta ar a dtugtar Oirialla, ina raibh an Ghaeilge á labhairt go forleathan ag tús an chéid seo caite. Tá borradh ar an nGaeilge sa dúiche seo le tamall, agus is eiseamláir é Piaras, atá ag spreagadh suim sna hamhráin Ghaelacha, agus iad á gceol aige i gcomórtais agus ag ceolchoirmeacha fud fad na tíre.

Clár 5: Máire & Étáin Ní Churraoin. Beirt deirfiúracha, Máire agus Étain Ní Churraoin, as Gaeltacht Ráth Chairn i gCo. na Mí a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Tá an-suim acu sna hamhráin thraidisiúnta le fada an lá agus tá grúpa acu anois ar a dtugann siad ‘An Chéad Ghlúin Eile’. Tá an-suim acu sna hamhráin thraidisiúnta agus baineann siad sult as armóin a chur leis na sean-amhráin. Seanuncail leo ab ea an t-amhránaí cáiliúil Darach Ó Catháin arbh as an Máimín i Leitir Móir é ó dhúchas.

Clár 6: Megan Nic Ruairí.An t-amhránaí agus pianódóir Megan Nic Ruairí as Rann na Feirste a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Tá sí ar dhuine de na ceoltóirí agus na hamhránaithe óga is cumasaí atá ag teacht chun cinn sa tír. Is ball de theaghlach ceolmhar Mhic Ruairí í Megan agus tá sí tumtha sa cheol agus san amhránaíocht ó bhí sí ina páiste. I Londain a rugadh Megan ach tháinig sí féin agus a muintir ar ais go dtí a gceantar dúchais Rann na Feirste. Tá an-tionchar ag an tírdhreach agus ag an fharraige ar cheol Mhegan, rud atá le cloisteáil sa bhfuaim chomhaimseartha a chruthaíonn sí. Tá céim sa cheol aici agus cumann sí a cuid ceoil agus amhrán féin. Tá an-suim ag Megan i gceol comhaimseartha freisin agus tá sí ina ball den ghrúpa aitheanta ‘Big Love’.

Clár 7: Ceolchoirm Bhláth na hÓige. Cuirfimid clabhsúr ar an tsraith le ceolchoirm speisialta ón TempleBar TradFest in 2023. Mar chuid den fhéile tabharfaidh Bláth na hÓige faoin stáitse den chéad uair le chéile chun amhráin ón traidisiún a chur i láthair an go paiteanta agus go cruthaitheach. Cé go mbeidh athchóiriú nuálach, tuiscineach agus bríomhar déanta acu ar na hamhráin, beidh siad fós dílis don traidisiún as ar fréamhaíodh iad.

Bláth na hÓige, Déardaoin, 13 Aibreáin, 8pm ar TG4