skip to main content

Cuairt an Uachtaráin: Tábhachtach ach 'aisteach'

Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ar a shlí go hÉireann i gcóir cuairt a leanfaidh go dtí an Aoine. Is chuig an Tuaisceart a rachaidh sé ar dtús, áit a chuirfidh Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak fáilte roimhe.

Labhair an t-iriseoir Éamonn Mallie faoin gcuairt seo agus dúirt sé go bhfuil an chuairt tábhachtach ach go bhfuil díomá ar roinnt daoine mar nach bhfuil sé ag fanacht níos faide. Beidh sé ag labhairt ag Ollscoil Uladh agus croithfidh sé lámha le ceannairí na bpáirtithe polaitíochta ach ní bheidh am aige aon díospóireacht cheart a bheith aige i dTuaisceart Éireann.

Dúirt Mallie go bhfuil 'rud éigin aisteach' faoin gcuairt agus go bhfuil ráflaí ann nach bhfuil rialtas na Breataine sásta gur tháinig Biden go hÉirinn sular thug sé cuairt stáit ar an mBreatain.

Dár ndóigh, níl Stormont ag feidhmiú faoi láthair, rud a chiallaigh nach bhféadfadh Biden cuairt a thabhairt air.

Deir Mallie go mbeidh scéal chailleach an uafáis ag ceannaire an DUP má bhíonn deis aige labhairt le Biden maidir leis an margadh a rinne faoi Thuaisceart Éireann faoi Chreat Windsor le déanaí.

Tá go leor mar gheall ar an gcuairt seo nach dtuigeann muid ach neosfaidh an aimsir cad iad na himpleachtaí a bheas aici ar Éirinn go luath, a deir Mallie.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.