skip to main content

'Tá an saol míle uair níos fearr ná mar a bhí'

Clár beo as Béal Feirste do chomóradh 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta. Le linn an chláir, phléigh painéal cainteoir an tréimhse chorraitheach i stair na hÉireann.

I measc na gcainteoirí ar an bpainéal, bhí Póilín Ní Chiaráin, Jake Mac Siacais, Eoghan Ó Néill, Ian Malcolm, Máirtín Ó Muilleoir, Fergal Mc Closkey, Aisling Reilly agus Naoise Ó Cuillinn.

Chuaigh an t-iriseoir Póilín Ní Chiaráin siar ar bhóithrín na smaointe go dtí Aoine an Chéasta 1998 nuair a bhí dóchas san aer ach deir sí go raibh ceisteanna crua ar nós saoradh na bpríosúnach agus díchoimisiunú fós le socrú ar an lá. 'Ba mhíorúilt í an comhréiteach' a deir Ní Chiaráin. Cé gur maraíodh 159 ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta ceathrú céad ó shin, deir sé go bhfuil an saol 'míle uair níos fearr ná mar a bhí'

Labhair Ian Malcolm mar gheall ar an lá stairiúil a d'athraigh an saol ó thuaidh. Dúirt sé go raibh diongbháilteacht le brath sna polaiteoirí leis an comhaontú a bhaint amach agus cé go raibh go leor doiléireacht agus débhríochas sa doiciméad féin go raibh sin ag teastáil le go mbeadh gach duine sásta é a shíniú.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9