Mionsraith nua a dhíríonn ar ghnéithe ar leith de shaol is de shaothar Sheáin Uí Ríordáin. Sa chlár seo inseofar scéal na conspóide a bhain lena chnuasach, Eireaball Spideoige.
Ar an gclár, labhair an Dr Louis de Paor, Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus Caitlín Nic Íomhair mar gheall ar thábhacht an chnuasaigh, Eireaball Spideoige, a foilsíodh ag tús na 50í agus a chothaigh go leor conspóide ag an am.
"Níl aon leabhar filíochta i mBéarla nó i nGaeilge is mó a tharraing caint, is mó a tharraing conspóid i mBéarla agus i nGaeilge sna míosa a lean foilsiú an leabhair, deireadh na bliana 1952"- Louis de Paor.

Ag caint ar an bhfile agus na dúshláin a thug sé roimh mhuintir na hÉireann, dúirt Caitlín Nic Íomhair "tá go leor filí maithe ann, ach filí iontacha, go minic diúltaítear dóibh nó cuireann siad as do dhaoine"
Tugann an láithreoir, Marcus Mac Conghail muid ar aistear a thugann comhthéacs don chonspóid a lean foilsiú an chnuasaigh.
Leanann an mionsraith ar aghaidh an tseachtain seo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ón Luan go Céadaoin.