Triúr láithreoirí, trí lá, trí thasc - agus saoire bheag dhifriúil gach seachtain!
Tá Macalla, comhlacht léiriúcháin Scannán agus Teilifíse a bhfuil duaiseanna buaite aige dár dtabhairt ar saoire leis an tsraith thaistil iontach nua seacht gclár seo. Tabharfaidh Téacs Taistil ón tolg go dtí ceann scríbe difriúil muid gach seachtain i gcomhair éalú spreagúil, spraíúil, agus siamsúil 50 nóiméad. Is sraith thaistil ghasta í seo agus is bealach tarraingteach é chun an domhan a fheiceáil.
Triúr láithreoir, trí lá, trí thasc. Saoire bheag dhifriúil gach seachtain. Céard a thabharfaidh mé liom? Céard a chaithfidh mé? Cá bhfuil muid ag dul? Beidh 48 uair an chloig acu chun freagraí na gceisteanna uilig seo a fháil agus ní bheidh acu ach téacsanna cripteacha mar threoir.

Is iad seo a leanas ár dtriúr láithreoirí - Louise Cantillon as Contae Luimnigh. Is DJ raidió í Louise ar Today FM agus bíonn sí ag cur Junior Eurovision i láthair ar TG4 freisin. Is aoibhinn le Louise a bheith ag taisteal, spórt, faisean, agus ceol agus bíonn sí ag taifeadadh a cuid eachtraí ar fad ar Instagram. Tá sí éirimiúil, greannmhar, an-ghalánta go deo agus i gcónaí réidh píosa spraoi a bheith aici.

Tá an-chuid scileanna éagsúla ag an bhfeirmeoir, múinteoir, agus láithreoir @thekerrycowboy, Séaghan Ó Súilleabháin. Tá Séaghan thar a bheith gníomhach ar TikTok agus ar Instagram, ardáin ar a dtaispeánann sé a shaol ar an bhfeirm i gCiarraí do na sluaite ar fud an domhain. Níl mórán taistil déanta ag Séaghan chuige seo, conas a éireoidh leis ar Téacs Taistil?
Is podchraoltóir, iriseoir, agus taistealaí paiseanta é Proinsias Ó Coinn as deisceart Ard Mhacha. Déanann sé cláir faisnéise don BBC agus bíonn sé le feiceáil ar chláir theilifíse ar TG4 agus an BBC. Taitníonn le Proinsias a bheith ag taisteal ina aonar de ghnáth. An mbeidh sé deacair aige a bheith ag taisteal in éineacht leis an mbeirt eile?
Thiocfadh leat a rá nach bhfuil mórán i bpáirt acu. Seachas go bhfuil taithí acu uilig ar bheith ag taisteal ... bhuel ag beirt acu. Chuaigh an duine eile ar thuras scoile nuair a bhí sé sé bliana déag d'aois.
Cuirfear tús le Téacs Taistil Déardaoin an 13 Aibreán ag 9:30pm ar TG4 agus craolfar é ag an am céanna gach Déardaoin é go ceann seacht seachtaine.