Eagrán speisialta ag comóradh Chomhaontú Aoine an Chéasta le Bláithín Mhic Cana, as Ard Mhacha Theas, ag caint faoina cuimhní ar an tréimhse agus mar atá anois.
Amhránaí agus múinteoir bunscoile í Bláithín atá ag cur fuithí in Ard Mhacha Theas, an áit ar rugadh agus tógadh í, gar don teorainn le Contae Lú.
Bhí Bláithín timpeall air dhá bhliain déag d'aois nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Labhair sí go hoscailte faoi thréimhse na dtrioblóidí ina ceantar féin roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ina dhiaidh chomh maith le saibhreas an chultúir sa cheantar céanna.
Is féidir leat éisteacht le Beo ar Éigean oíche Shathairn ar RTÉ Radio One óna 8 nó aon am, pé áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí