skip to main content

Ceiliúradh na nUltach ar RTÉ RnaG

Dé Luain 10 Aibreáin, 11.00am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

The first of two special programmes recorded at the RnaG50 celebratory concert in Gaoth Dobhair.

Sa chlár seo, and chéad cheann de dhá chlár, cloisfidh muid míreanna ó choirm cheoil RnaG50 in Amharclann Ghaoth Dobhair i mí Feabhra, chomh maith le hagallaimh le cuid den slua a bhí i láthair ar an oíche, agus beidh míreanna ó chartlann Raidió na Gaeltachta ó Chúige Uladh ag dul siar go dtí 1972 le cloisteáil freisin.

I measc na n-aíonna a bheidh le cloisteáil sa chlár inniu, beidh Maighréad Nic Seaghain, Róisín Mhic Giolla Chearra, Donnchadh Mac Fhionnghaile, Bridie Bean Mhic Fhloinn, Marcas Ó Murchú agus Máire Colm. Beidh ceol ón gcoirm le cloisteáil ó Na Mooneys agus Altan, Dónall Ó Ceallaigh, Connie Ó Gallchóir, Moya Brennan agus a clann, agus Clann Mhic Ruairí.

Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuirfidh an clár i láthair. In the first of two programmes, we'll hear excerpts from the RnaG50 celebratory concert held in Amharclann Ghaoth Dobhair in Donegal in February, as well as interviews with some of those in attendance, and archive material from the station going back to 1972.

Contributors today will include Maighréad Nic Seaghain, Róisín Mhic Giolla Chearra, Donnchadh Mac Fhionnghaile, Bridie Bean Mhic Fhloinn, Marcas Ó Murchú agus Máire Colm. We’ll hear performances from the concert from The Mooneys and Altan, Dónall Ó Ceallaigh, Connie Ó Gallchóir, Moya Brennan and family, and Clann Mhic Ruairí. Áine Ní Bhreisleáin presents.