skip to main content

Tumoideachas sa Bhreatain Bheag

Labhair Dr. Ben Ó Ceallaigh, Saoraistritheoir agus Iar-Léachtóir faoin dlí nua molta sa Bhreatain chun oideachas Breatnaise a chur ar fáil do gach páiste scoil ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá sprioc de mhilliún cainteoirí Breatnaise faoin mbliain 2050 leagtha síos ag Rialtas na Breataine Bige agus le tacú leis an sprioc sin tá dlí nua molta chun oideachas Breatnaise a chur ar fáil do gach páiste scoile.

Faoi láthair, deir Dr. Ó Ceallaigh go bhfuil comhairliúchán poiblí ar siúl le pleananna a chur le chéile ach an mórphlean ná méadú mór ar líon na scoileanna tumoideachais Breatnaise, macasamhail na Gaelscoileanna in Éirinn. Tá daoine ar agóint go láidir ar an dá thaobh, ar a shon agus ina gcoinne i láthair na huaire.

Faoi láthair, braitheann sé ar an áit ina bhfuil tú sa tír le fáil a bheith agat ar an tumoideachas. Faoi láthair, tá 24% de na scoileanna ina scoileanna tumoideachais agus mhéadófaí an uimhir seo go mór má théann an bille seo tríd.

Tá cosúlachtaí idir an Bhreatnais agus an Ghaeilge a deir Ó Ceallaigh, sa mhéid is go múintear an teanga ar scoil ach nach bhfuil an pobal líofa suntasach.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.