Cuirfear tús le sraith nua den chlár ceoil nuálach An Seisiún ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Dhomhnach Cásca ag 7 pm.
Is iad na ceoltóirí Eve Belle, Neil Ó Briain agus Karen Cowley (krea) a bheas le cloisteáil i mbun oibre le chéile sa stiúideo sa chéad chlár sa tsraith nua ar an Domhnach.
Sa tsraith An Seisiún, cuirtear triúr ceoltóirí le chéile i stiúideo taifeadta ar feadh 12 uair an chloig agus é mar aidhm acu trí amhrán nua i nGaeilge a scríobh agus a thaifeadadh sa tréimhse ama sin, le tacaíocht ón léiritheoir ceoil aitheanta Karl Odlum.Roghnaítear ceoltóirí ó chúlraí éagsúla ceoil le bheith ag obair le chéile don togra seo agus cloiseann an lucht éisteachta iad i mbun oibre sa stiúideo, agus mar atá ag éirí leo agus iad ag iarraidh an sprioc a bhaint amach.Faightear léargas ar an bpróiseas cruthaitheachta, agus ar ghairm an cheoltóra agus an chumadóra.
Tá coincheap An Seisiún bunaithe ar an tsraith Sesiwn UNNOS a craoladh ar BBC Radio Cymru. Bhuaigh an chéad shraith den chlár Gradaim Raidió IMRO.
Cloisfidh muid Eve Belle, Neil Ó Briain agus Karen Cowley (Krea) i gclár 1 sa tsraith nua.Is as Tír Chonaill d'Eve Belle, amhránaí agus cumadóir ceoil.Foilsíodh a céad albam, In Between Moments, ar lipéad Rubyworks i 2020.Is giotáraí agus cumadóir é Neil Ó Briain as Corcaigh, agus d’eisigh sé a dhara albam sa bhliain 2021.Is baill den ghrúpa Wyvern Lingo í Karen Cowley, agus d’eisigh sí a céad singil aonair sa bhliain 2022 faoin ainm Krea.
Is é Cian Mac Cárthaigh a chuirfidh an tsraith i láthair. Is iad Cian agus Lisa McGeough na léiritheoirí, agus is é Fearghal Saxe an t-innealtóir fuaime ar an tionscadal.Tá an tsraith seo arna mhaoiniú ag Údarás Craolacháin na hÉireann mar chuid den scéim Fuaim & Fís.
Beidh na ceoltóirí seo a leanas le cloisteáil ar An Seisiún
An Seisiún le Eve Belle, Neil Ó Briain agus Karen Cowley (Krea)| RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 9 Aibreán 7pm
An Seisiún le Síomha, Oisín Walsh-Peelo agus Megan Nic Ruairí | RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 16 Aibreán 7pm
An Seisiún le Eoghan Ó Ceannabháin, Doireann Ní Ghlacáin agus Cúán De Búrca | RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 23 Aibreán 7pm
An Seisiún le Ciara Ní É, Ben Shorten agus James Shannon | RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 30 Aibreán 7pm
An Seisiún le John Spillane, Róisín Seoighe agus Oisín Mac | RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 7 Bealtaine 7pm
An Seisiún le UshMush, Bernadette Nic Gabhann agus TADHG | RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh, 14 Bealtaine 7pm
Craolfar an chéad chlár sa tsraith An Seisiún Dé Domhnaigh 9 Aibreán ag 7 pm.Beidh na cláracha ar fáil ar líne freisin, agus beifear in ann éisteacht siar leo ansin ag rte.ie/rnag