Seachtain ó inné, cuirfear tús le cuairt oifigiúil an Uachtaráin Joe Biden ar Éirinn.
Ag teacht ar na sála ar cheiliúradh na Féile Pádraig in Washington, D.C. an mhí seo caite, cuirfear fáilte is fiche roimh Biden, Gael-Meiriceánach go smior a labhraíonn go minic ar a oidhreacht agus a dhúchas.
Caitheann Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, Eoin Ó Catháin, súil chun cinn ar an gcuairt, ar na cuspóirí atá léi, agus ar thodhchaí an chaidrimh Ghael-Meiriceánaigh sa tréimshe chorraitheach seo.
Ar Lá 'le Pádraig san Oval Office, chuir Leo Varadkar tús lena ráiteas i nGaeilge. Ghabh sé buíochas leis an Uachtarán Biden as a chairdeas agus a cheannaireacht – i gcúrsaí polaitíochta ó thuaidh agus i gcúrsaí cogaíochta san Úcráin. Ansin, thagair sé don chuairt a bhfuiltear ag tnúth leis le fada – cuairt oifigiúil an Uachtaráin Biden ar oileán na hÉireann. "Cuairt den scoth" a bheas ann, a dúirt an Taoiseach. "Geallaim é".
Ar bealach, áfach, tá an chuairt seo faoi scamall. Leagfar béim ar Chomhaontú Aoine an Chéasta lena linn, agus ar an ról a ghlac polaiteoirí Meiriceánacha leis an bpróiséas idirbheartaíochta. Chabhraigh spiorad an chomhréitigh go mór leis an gcomhaontú, agus leithéidí George Mitchell ag tabhairt lámh chunta ó thús go deireadh - ó am go céile, ag éisteacht le tuairimíocht grúpa amháin agus á chur in iúl don ghrúpa eile, nuair nach raibh siad sásta bheith in aon sheomra amháin, fiú.
Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil gá leis an spiorad sin i gcónaí. Faoi láthair, toisc míshástacht le Prótacal Thuaisceart Éireann agus cúrsaí trádala idir an Tuaisceart agus an Bhreatain Mhór i ndiaidh na Breatimeachta, tá an DUP fós drogallach filleadh ar an gComhthionól in Stormont.
Aontaíodh Creat Windsor, forbairt ar an bPrótacal, chun dul i ngleic le deacrachtaí an phobail leis an gcóras nua trádála, cúpla seachtain ó shin. D'fhan an DUP ina thost mar gheall air agus iad ag freastal ar imeachtaí agus ócáidí na Féile Pádraig in D.C. (tugadh cuireadh do na páirtithe polaitíochta ar fad ó thuaidh don cheiliúradh sna Stáit Aontaithe). Moladh Creat Windsor go hard na spéire le linn na Féile Pádraig, agus luadh na deiseanna eacnamaíochta a bhí ag fanacht don Tuaisceart faoina coinníollacha a aontaíodh. Fógraíodh go raibh Joe Kennedy III ceaptha ina Thoscaire Speisialta ar Thuaisceart Éireann, le cúram faoi leith aige i gcúrsaí eacnamaíochta.
É sin ar fad ráite (agus ath-ráite), ba léir nach ndeachaigh seo i bhfeidhm ar an DUP, áfach. D’fhógair siad an tseachtain ina dhiaidh go raibh ceisteanna i gcónaí acu faoin gCreat nua, agus vótáil siad ina choinne i bParlaimint na Breataine agus iad i mbun comhairliúcháin.
Beidh deacracht ag Joe Biden spiorad an chomhréitigh a chur in iúl nuair a bheas an lucht éisteachta in adharca a chéile; beidh sé níos deacaire arís Comhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh nuair atá dímheas á léiriú i gcónaí ar an socrú is lárnaí de – comhroinnt na cumhachta. Beidh deis (eile) ag Biden brú a chur ar an gcóras polaitíochta filleadh ar an gComhthionól - ach léiríonn an DUP arís agus arís eile go bhfuil siad sásta an brú seo a sheasamh.
Tabharfaidh an tUachtarán Biden aghaidh ansin ar Bhaile Átha Cliath agus ar na contaetha gurb as a mhuintir féin, Co an Lú, is Co Mhaigh Eo. Tá gach seans ann go mbeidh an chuid seo den chuairt i bhfad níos dearfaí, agus níos maoithní.
Luann Biden a mháthair - Catherine Eugenia Finnegan – go minic ina chuid cainte, bean láidir a bhí thar a bheith bródúil as a dúchas Éireannach, agus a d’fhág an-rian ar Joe le linn a saoil.
Is cinnte go mbaileoidh na sluaite chun "céad míle fáilte" a chur roimh Biden, agus is cinnte chomh maith go bhfuil an tUachtarán an-dóchasach faoin turas seo. Ag labhairt le hiriseoirí sa Teach Bán, luadh arís agus arís eile cé chomh "tábhachtach" is atá an chuairt seo do Biden. Níl seo polaitiúil, tá sé pearsanta.
San am a caitheadh, chuaigh muintir na hÉireann go mór i bhfeidhm ar Uachtaráin agus iad i mbun cuairte - míonna sular maraíodh é ar shráid in Dallas, bhí "na laethanta is fearr de mo shaol" ag John F. Kennedy in Éirinn, "na laethanta ba ghile de m’Uachtaránacht" mar a chuir Bill Clinton síos ar a chuairt a thabhairt ar Thuaisceart Éireann i lár na nóchaidí; nuair a chonaic Barack Obama conas mar a chuaigh sé i bhfeidhm ar an slua i mBaile Átha Cliath agus "is féidir linn!" á fhógairt aige i lár na cathrach ar an lá grianmhar sin in 2015, ba chosúil gur leis féin a bhí sé ag caint thairis éinne eile.
Tá an caidreamh idir an dá thír i bhfad níos difriúla anois ná mar a bhíodh. Chabhraigh cuairt JFK le hÉirinn í féin a chruthú mar tír neamhspléach, le diaspora láidir. Chabhraigh cuairteanna Ronald Reagan agus Clinton go mór leis an bpróiséas síochána, nuair a bhí éigeantacht ollmhór ann toisc na dTríoblóidí agus easaontais polaitiúla. Turas aon-lá a bhí i gcuairt Obama, agus deis margaíochta - d’ól sé pionta Guinness i dteach ósta a mhuintire in Uibh Fháili.
Beidh cuairt Biden go hiomlán éagsúil óna turais eile. Mairfidh sé ar feadh cúpla lá, agus tá cuspóir pholaitiúil leis – béim a leagan ar a bhfuil bainte amach ó thuaidh agus ó dheas ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Beidh Biden ag filleadh ar a áit dúchasach chomh maith – agus é ag aois ceithre scór agus den chéad uair ó toghadh é ina Uachtarán - cuairt thar a bheith mothúchánach a bheas ann.
Bíonn draíocht áirithe ag baint leis na cuairteanna seo, toisc go bhfuil draíocht áirithe ag baint leis an gcaidreamh Éireannach-Meiriceánach. Tá fréamhacha láidre, doimhne ag na Éireannaigh sna Stáit, agus glactar an deis go mór obair agus gaisce na nGael i bhforbairt na tíre a aithint. Chabhraigh na Stáit Aontaithe linn ár bhféiniúlacht féin a chruthú agus a chothú, go háirithe agus Éire ina Poblacht óg. Ach tá an caidreamh seo i mbun athraithe chomh maith - níl an oiread sin daoine óga ag dul ar an mbád bán go Meiriceá is a bhíodh - tá an geilleagar s’againne níos láidre, agus tíortha eile níos oscailte agus níos mealltaí. Tá pobail nua ag fás agus ag forbairt i Meiriceá - agus brí eile leis an imirce ó thaobh na polaitíochta de ann, chomh maith.
Ag deireadh an lae, áfach, is tír fhlaithiúil fháilteach Éire, agus bíonn ríméad orainn nuair a thagann duine dár gcuid abhaile. Féachtar ar an gcuairt seo mar Éireannach ag filleadh inar measc – ardóidh Biden a sheol an tseachtain seo chugainn, tá súil aige croíthe na nGael a ardú leis.