skip to main content

RTÉ RnaG: Comóradh 25 bliain ar Chomhaontú Aoine an Chéasta

Beidh dhá chlár speisialta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta beo as Béal Feirste thar dheireadh seachtaine na Cásca ag comóradh 25 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta.

Dé Sathairn ag 11 am ar An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, pléifidh painéal cainteoirí na hathruithe atá tarlaithe i dTuaisceart Éireann ó síníodh an Comhaontú, agus na fadhbanna is mó atá fós le sárú.Ar na haíonna a bheidh le cloisteáil ar an gclár sin, beidh Fergus Ó hÍr, Máirín Hurndall, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Gráinne Ní Ghréacháin.

Maidin Luan Cásca, craolfar eagrán speisialta dhá uair an chloig d'Adhmhaidin ó 8 am go 10 am beo ó Raidió Fáilte i mBéal Feirste.Breathnófar siar ar an tréimhse chinniúnach sin i stair Thuaisceart Éireann tráth ar cuireadh deireadh leis na Trioblóidí agus tháinig síocháin i réim.

Beidh painéal aoi-chainteoirí i gcuideachta Mháirín Ní Ghadhra agus pléifear suáilcí agus duáilcí an Chomhaontaithe, mar a fheiceann an dá mhór pobal sna Sé Chontae iad.Gheobhfar léargas ó aos óg an Tuaiscirt faoin gcineál todhchaí atá uathu, agus fiosrófar an bhfuil an Comhaontú mar atá in ann an tsamhail sin a chomhlíonadh.

Beidh na cláracha le cloisteáil beo, agus beidh siad le fáil ar an suíomh idirlín i ndiaidh a gcraolta ag rte.ie/rnag