Tá go leor, leor cainte le tamaill anuas faoin nGaeilge agus a ról i sochaí na hÉireann. Le píosa spraoi a chur leis an gcómhrá sin, tá Grá ar an Trá ar an mbealach, clár teilifíse nua a chuirfidh dáréag le chéile atá ag lorg grá.
Labhair an léiritheoir teilifíse, Cuán Mac Conghail ar an gclár Bladhaire faoin gclár atá á chur le chéile ag an gcomhlacht teilifíse, Macalla. Tá seisear fear agus seisear ban ag teastáil a roinnfidh teach breá cois cósta ar feadh tamaill.
Luaigh Mac Conghail go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil cláracha siamsaíochta i nGaeilge chomh maith le cláracha eile atá níos troime. Luaigh sé go bhfuil go leor fiosrúchán faighte ag an gcomhlacht cheana féin ach go dtí seo gur mná iad formhór na ndaoine sin agus go bhfuil na fir níos cúthailí go dtí seo.
Is é an tionchaire agus láithreoir teilifíse James Kavanagh atá roghnaithe mar 'man an tí' agus beidh níos mó eolais ag teacht maidir le 'Bean an Tí' agus 'breitheamh'. Beidh duaischiste de €10,000 ar fáil don lánúin a bhainfidh an comórtas.