Dea-scéal is ea é go bhfuil leithris oscailte don bpobal ar an mBlascaod Mór ó cuireadh tús le biaiste na turasóireachta ar an oileán. Labhair an tAire Stáit Gaeltachta agus ar a bhfuil cúraimí Oifig na nOibreacha Poiblí Patrick O'Donovan faoin scéal sin, agus a thuilleadh ar Adhmhaidin
Cuireadh tús le séasúr na dturasóirí ar na Blascaodaí agus thángthas ar réiteach le húinéir an chaifé ar an oileán le leithreas poiblí a chur ar fáil do thurasóirí le linn an tséasúir. Tá forbairtí eile le déanamh ar an oileán, ina measc sin, cé nua ar an oileán mar dár leis an Aire Stáit, tá géarghá leis an gcé nua mar go bhfuil an seanché dáinséarach.
Ag caint ar an tuairisc atá le déanamh ar an Sceilig Mhichíl maidir le buansheasmhacht an oileáin speisialta seo, deir O' Donovan go bhfuil sé ar cheann de dheich láthair oidhreachta timpeall na hEorpa.
Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.