skip to main content

Éist siar: Iris Aniar ó Choláiste Mhuire Gan Smál

Chuaigh foireann an chláir, Iris Aniar chomh fada le Coláiste Mhuire gan Smál in Luimneach le labhairt le mic léinn agus pobal an Choláiste.

Tá neart daoine idir mhic léinn agus foireann an Choláiste as Iarthar na tíre ag freastal ar an institiúid seo agus labhair Máire Bríd Ní Chualáin le cuid acu faoina dtaithí sa chathair.

Bhí ceol le cloisteáil ar an gclár freisin ó cheoltóirí atá ag cleachtadh ceoil agus ag foghlaim sa choláiste.