skip to main content

Post gnóthach an eagarthóra

Labhair eagarthóir nua Stellar, Megan Roantree ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina ról nua agus an clúdach dátheangach a foilsíodh do Sheachtain na Gaeilge.

Is iriseoir í Roantree atá ag plé le hirisí in Éirinn le tamaill anuas agus í in rólanna éagsúla, laistigh agus lasmuigh de Stellar féin. Deir sí go bhfuil go leor éagsúlachta sa ról atá aici anois mar eagarthóir, ag scríobh, ag cruinniú le scríbhneoirí eile, ag roghnú grianghraf agus mar sin de.

Bhí Megan ag obair le cúrsaí margaíochta in Stellar ach deir sí go bhfuil sí sásta a bheith in ann a bheith cruthaitheach agus í i mbun eagarthóireachta anois san fhoilseachán.

Le linn Sheachtain na Gaeilge, foilsíodh leagan speisialta don iris le clúdach Gaeilge i gcomhpháirt le Seachtain na Gaeilge. Dúirt Megan go raibh sí ag iarraidh tuilleadh Gaeilge a chur san iris le fada agus gur deis iontach ab ea Seachtain na Gaeilge di.

Cé go bhfuil Megan fós ag dul i dtaithí ar an ról nua seo, deir sí go bhfuil sí ag iarraidh a léiriú san iris go bhfuil spéiseanna leathana ag mná na hÉireann ó chúrsaí faisean go polaitíocht agus gach rud eatarthu.

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.