skip to main content

Turasóireacht agus Scéal na dTeifeach

Labhair Máire Ní Mhurchú, Cathaoirleach ar Chónaidhm Féinfhreastal na hÉireann ar an gclár Adhmhaidin faoin mbaol atá ann go gcaillfear cuid mhór airgead ón tionscal turasóireachta i mbliana toisc easpa lóistín.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fáilte Ireland, Paul Kelly ag coiste an Oireachtais go raibh an baol ann go gcaillfear suas go 1.1 Billiúin euro sa tionscal turasóireachta i mbliana toisc go bhfuil lóistín curtha ar fáil do dhaoine atá ag lorg dídean sa tír seo.

Dúirt Máire go bhfuil cuid mhaith de na leapacha a theastaíonn ó thurasóirí anois in úsáid in óstáin agus roinnt in lóistín féinfhreastal freisin ó Chiarraí go Dún na nGall. Luaigh Máire go bhfuil tréimhse ghairid ann dóibh siúd atá ag plé le turasóireacht le hairgead a dhéanamh agus mura bhfuil na turasóirí ag teacht chucu nach bhfuil an tréimhse sin le fáil.

Tá tacaíocht á lorg ag gnóanna beaga ón rialtas le cabhrú leo dul i ngleic leis na dúshláin seo a bhaineann leis an tionscal turasóireachta.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.