Eagraíodh léirsiú lasmuigh de Teach Laighean don agóid Gaeilge4All faoi nGaeilge sa chóras oideachais. Labhair Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le chuid dóibh siúd a bhí ar an láthair.
Bhailigh na céadta lasmuigh de thithe an rialtais lena míshástacht a chur in iúl faoin siollabas Gaeilge, chomh maith leis an easpa Gaelscolaíochta atá ann, agus córas na ndíolúinte ón nGaeilge sa chóras oideachais.
Dúirt Caolán Mac Grianna, Oifigeach Cumarsáide le Conradh na Gaeilge go bhfuil lucht Gaeilge4All buartha faoi na cinntí atá á dtógáil ag an Aire Oideachais, Norma Foley atá ar aimhleas na teanga, a deir sé. Ar cheann de na héilimh atá ag an ngrúpa seo, tá polasaí don teanga ón réamhscoil go dtí an mheánscoil, rud nach bhfuil ann i láthair na huaire.
Tír gan teanga, tír gan anam #Gaeilge4all pic.twitter.com/pe8YkCniNF
— Conradh na Gaeilge (@CnaG) March 29, 2023
Maidir le díolúinte a thugtar amach sa chóras oideachais má tá dalta mall ag tosú sa scolaíocht nó má tá siad faoi mhíbhuntáiste eile, deir Mac Grianna go bhfuiltear ag ceilt na Gaeilge ó na daoine seo tríd na díolúinte seo.
Labhair múinteoir meánscoile, Daithí Mac an Bhaird go bhfuil sé in am ag an rialtas dúiseacht agus éisteacht le héilimh na nGael, go háirithe nuair a thagann sé go soláthar oideachais sa tír.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.