skip to main content

Comóradh ar Pheig Sayers a rugadh 150 bliain ó shin

Ar dhuine de na Gaeil agus na scéalaithe is cáiliúla, tá ainm Pheig Sayers ar eolas ag formhór na tíre seo. Labhair Angela Bourke le An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin éagóir a rinneadh ar an mbean chumasach seo.

Labhair Angela Bourke faoin 'Peig eile' seo a bhfuil aithne ag dornán daoine uirthi, an Peig a thug scéalta do bhailitheoirí béaloidis go fial. Dúirt Bourke go raibh na scéalta a d'inis Sayers lán le spioradáltach agus spiorad, rud a léirigh gur bean mhisniúil ab ea Peig a bhí in ann ag saol an oileáin, saol a bhí crua go maith, ar uairibh.

Kenneth Jackson agus Peig Sayers

Bhí pobal an oileáin ag brath ar a chéile agus thuig siad é sin, rud a choinnigh an pobal dlúth lena chéile le linn na dtréimhsí crua, i rith an gheimhridh, cuir i gcás. Rugadh deichniúr páistí do Pheig ach níor mhair ach seachtar acu sin.

Léirigh an litríocht a tháinig amach ón oileán go raibh ar na hoileánaigh réiteach le chéile mar go raibh siad ag brath ar a chéile. Deir Bourke gur úsáideadh an chaint mar uirlis ar an oileán agus bhí Peig ina máistreas ar an gcaint seo.

Luaigh Angela Bourke an meas idirnáisiúnta atá ar oidhreacht Pheig toisc saibhreas a cuid scéalta, ach go háirithe i measc dhaoine a bhí faoi chois.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir meánlae ó 1.00