skip to main content

Marú Inár Measc- sraith coirscéalta fírinneacha

Dé Céadaoin, 9.30, 22 Márta TG4

Cé chomh fada is a thógann sé ar dhúnmharfóir a bheith den tuairim go bhfuil ligthe leis i ndiaidh a bhirt millteanach? Cén chaoi a n-éiríonn le teaghlach nó le pobal leanúint orthu leis an saol agus fios acu go bhféadfadh dúnmharfóir a bheith ina measc?

Seo chugaibh an tríú sraith de MARÚ INÁR MEASC, sraith faisnéise ceithre chuid bunaithe ar choirscéalta fírinneacha le Midas Productions do TG4, ina dtugtar léargas ar an tionchar a imríonn coireanna marfacha ar an tsochaí, ar phobail áitiúla agus ar theaghlach an íospartaigh nuair nach bhfuil aon réiteach ceart ar an gcás.

Déanfar míreanna faisnéise breathnaitheacha a chumasc le príomhfhianaisí ó na daoine a dtéann an tragóid i gcion go mór orthu fós. Tabharfar léargas i ngach clár faisnéise ar an gcaoi a leanann teaghlaigh atá faoi scáth an bhróin, duine muinteartha agus na pobail ina bhfuil cónaí orthu ar aghaidh leis an saol agus leis an bhfeachtas ar son an chirt na cásanna a choinneáil beo agus i mbéal an phobail.

Tabharfaidh na cuntais fhíorphearsanta seo léargas ar an tionchar a bhíonn ag na coireanna seo ar dhaoine, ar an teaghlach, ar dhuine muinteartha agus ar an bpobal ar fad.

Mar chuid freisin den tsraith áireofar agallaimh leis na Gardaí a raibh baint acu leis an gcás; an chéad dream ar an láthair agus iadsan a chur agallamh ag an am ar an té a rinne an choir, beidh agallaimh an-phearsanta sa tsraith le muintir agus le cairde na ndaoine a dúnmharaíodh agus iad ag leanúint leis an bhfeachtas ar son an chirt go dtí an lá atá inniu ann.

Is í Doireann Ní Bhriain a bheidh i mbun tráchtaireachta ar Marú inár Measc. Beidh agallaimh leis an tuairisceoir coireachta a bhfuil gradaim buaite aige, Stephen Breen, le Alan Bailey, iar-bhleachtaire fuarchásanna agus le stiúrthóir Líonra Éigeandála um Éigniú na hÉireann, Clíona Saidléar, mar chuid den tsraith chomh maith le go leor iriseoirí mór le rá agus le saineolaithe.

Ní fhéadfaí an tsraith seo a dhéanamh gan comhoibriú a bheith faighte againn ó gach teaghlach agus duine muinteartha a roinn a scéal féin linn agus a thug cead dúinn míreanna a thaifeadadh leo, ar phribhléid é.

Josie Joycc

I gclár 1 a chraolfar ar an 22 Márta 2023, tabharfar chun cuimhne dúnmharú tragóideach an pheileadóra Toyosi Shittabey nach raibh ach 15 bliana a bhásaigh de bharr a sháite ar an 2 Aibreán 2010 agus é ag siúl abhaile lena chuid cairde i mBaile an Tirialaigh i mBaile Átha Cliath. Bhí bás Toyosi, a rugadh sa Nigéir, i measc na chéad dúnmharuithe ciníocha a tugadh os comhair na cúirte in Éireann agus tharraing a bhás raic ollmhór faoi chúrsaí ciníochais i measc an phobail in Éirinn.

Ar an 29 Márta 2023 a chraolfar an dara clár ina ndéanfaidh teaghlach Arlen Arkinson, cailín 15 bliana déag a chonacthas go deiridh ar an 14 Lúnasa 1994 nuair a d'fhág sí a teach cónaithe i gCaisleán na Deirge, Co. Thír Eoghain le dul chuig dioscó a bhí ar siúl i mBun Dobhráin. Ní bhfuarthas a corp riamh ach rialófaí 20 bliain ina dhiaidh sin ag ionchoisne gurb é gur fhuadaigh agus gur dhúnmharaigh an marfóir sraitheach Robert Howard í. Tá a teaghlach fós ag cuardach a cuid taisí go dtí an lá atá inniu ann.

Tabharfar chun cuimhne sa chlár a bheidh le craoladh ar an 5 Aibreán 2023, dúnmharú brúidiúil Josie Joyce. Baitsiléir 69 mbliana ab ea Josie agus sádh nach mór 40 uair é in ionsaí fíochmhar agus é ag siúl abhaile ón teach tábhairne i gCathair na Mart i gCo. Mhaigh Eo ar an 3 Meán Fómhair 1983.Stop an saol ar feadh scaithimh i gCathair na Mart nuair a bhí an cuardach ar bun don mharfóir agus d’fhág a bhás brúidiúil a lorg go buan ar an mbaile beag álainn cois cósta seo.

I gclár a 4 a chraolfar ar an 12 Aibreán 2023, déanfaidh teaghlach Amanda Jenkins cur síos ar an dúnmharú brúidiúil a rinne an fear a bhí geallta léi, Stephen Carney, ina n-árasán ar Shráid Shéamais sna Saoirsí i mBaile Átha Cliath ar an 5 Deireadh Fómhair 2007. Ní raibh Amanda ach 27 mbliana d’aois. Fágadh a corp san árasán ar feadh beagnach trí lá fad is a bhí a dúnmharfóir ar ragairne óil agus drugaí. Tá faitíos an domhain ar a muintir croíbhriste faoin lá a bheidh sé le scaoileadh as an bpríosún, lá atá ag druidim linn go tiubh.

Dé Céadaoin, 9.30, 22 Márta TG4