skip to main content

'Tá an córas briste' Teagasc na Gaeilge faoin spotsholas

Labhair Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin agóid atá á reachtáil acu taobh amuigh de Theach Laighean an tseachtain seo chugainn.

'Tá an Córas Briste' a deir lucht eagraithe ‘Gaeilge4All’ agus agóid á reáchtáil acu taobh amuigh de Theach Laighean an tseachtain seo chugainn. Deir Róisín go bhfuiltear ag súil le slua mór a léireoidh an mhíshástacht atá ar lucht na Gaeilge agus lucht an Oideachais faoi na cinntí atá á dtógaint ag an Aire Oideachais Norma Foley agus Fianna Fáil.

Tá lucht Gaeilge4All, Conradh na Gaeilge ina measc ag éileamh polasaí cuimsitheach oideachais don Ghaeilge, rud nach bhfuil ann, a deir siad.

Tá aiseolas dearfach agus tacúil faighte ag Róisín agus a comhghleacaithe ní hamháin ó mhúinteoirí sna scoileanna ach ó na daltaí iad féin, a thuigeann go bhfuil siad thíos leis ó thaobh theagasc na Gaeilge. Ar cheann de na moltaí atá curtha ar aghaidh chuig an Roinn Oideachais faoi dhul chun cinn an teagaisc, tá moladh go dtabharfaí isteach TEG, An Fráma Eorpach do theagsc teangacha.