Déardaoin,23 Márta, 9.30PM ar TG4
Sraith nua ar TG4 seachtain ó anocht. Dara Ó Cinnéide tabhairt turas ar chuid do na staideanna peile is tábhachtaí air domhan. Ó Ghallros go Meicsico air thóir na ngoirt órga.
Sraith nua trí chlár uair an chloig an ceann é A GOIRT ÓRGA ina ndéanfar ceiliúradh ar scothionaid spóirt an domhain, anseo ag baile agus thar sáile. Léirithe ag Loosehorse do TG4 i gcomhléiriú le Cwmni Da and S4C (An Bhreatain Bheag), JTV agus KCA (An Chóiré) agus LIC (An tSín).
Tá i bhfad níos mó i gceist le staideanna seachas iontais ailtireachta de chruach agus cloch, is ardeaglaisí beo iad ina dtagann pobail le chéile chun caidreamh a dhéanamh, mar go dtugtar an-aird sna staideanna ar na laochra spóirt. Tá an méid sin fíor is cuma má tá tú ag cluiche ceannais contae i gCiarraí nó ag Cluiche Ceannais Chorn an Domhain i gCathair Mheicsiceo.
Tugtar léargas sa tsraith seo ar an méid a tharlaíonn sa chúlra ag trí cinn de hionaid spóirt is mó urraim in Éirinn chomh maith le lucht féachana TG4 a thabhairt ar thuras ar fud an domhain chuig ionaid spóirt i Meicsiceo, sa tSín, sa Chóiré, sa Chróit, sa Phortaingéil, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana.
Tá atmaisféar dobhraite ag na staideanna seo agus tá a haitheantas ar leith féin ag gach aon cheann acu. Foghlaimeoimid faoin gcultúr, stair, ailtireacht agus dearadh a bhaineann le breis is dosaen staid agus casfaimid leis na daoine a thugann na hionaid iontacha seo chun fíre.
Is é Dara Ó Cinnéide, an craoltóir croíúil agus údarásach agus iar-pheileadóir Chiarraí a chuirfidh an tsraith i láthair. Níl aon dabht faoi chumas spóirt an fhir seo, fear ar éirigh leis na boinn is mó sin a mbíonn tóir orthu, na boinn sin a bhfuil cros Cheilteach orthu, a bhaint amach le linn a ghairme spóirt mór le rá.
Ó Bhéising go Braga, ón gCróit go Páirc an Chrócaigh, tabharfar cuairt le linn na sraithe seo ar chuid de na staideanna is iontaí ar an domhan seo, Staid Oilimpeach Shúl, Staid Azteca i gCathair Mheicsiceo agus Anfield i Learpholl ina measc.

Tabharfaidh Dara Ó Cinnéide cuairt ar an athchóiriú atá ar siúl in Anfield, áit a bhfuil ceangal mór ag muintir na hÉireann le cumann peile Learphoill. Tá Dara ag tacú leis an bhfoireann seo ar feadh a shaoil agus tá sé ar bís go bhfuil cead faighte aige dul isteach sna seomraí feistis agus sa seomra cáiliúil "seomra na mbuataisí" a fheiceáil. Bíonn ríméad air nuair a fhaigheann sé amach gur ainmníodh an staid a bhfuil cáil dhomhanda uirthi i ndiaidh Bhaile na hAbhann, baile beag i Loch Garman.
In Braga sa Phortaingéil, rinne an t-ailtire Eduardo Souta De Moura airéine ar leith ina bhaile dúchais do chraobhchomórtais na hEorpa in 2004: is é gur ghearr siad an pháirc amach as aill, agus d'fhág sin balla cairéalaithe cloch ar thaobh amháin agus radharc oscailte ar an taobh eile. Bhronn Barack Obama gradam ar an ailtire as a dhearadh íocónach.
In Jeonju sa Chóiré, fuarthas spreagadh do dhearadh agus innealtóireacht na staide áitiúla peile - a tógadh do Chorn an Domhain in 2002 - agus atá bunaithe ar stair muirí an cheantair.
Agus sa Brandywell i nDoire, tugtar léargas do Dhara ar na bealaí gur ionann an spórt don phobal seo agus ceangal lena bhféiniúlacht agus lena stair - ar léargas é freisin ar an mórtas áite atá acu féin - mórtas atá i bhfad níos tábhachtaí ná an scór ar pháirc na himeartha gach deireadh seachtaine.
Déardaoin an 23 Márta 2023, 9.30PM ar TG4