skip to main content

Bantracht: Macántacht faoin Máithreachas

Labhair Méabh Nic Alastair agus Milene Fegan faoi shraith úr raidió Bantracht, a cuireadh tús leis ar lá na Máithreacha ar Raidió Fáilte, beidh deich gclár dírithe ar an ról tábhachtach atá ag na máithreacha agus na deacrachtaí agus na fadhbanna atá acu.

Labhair an bheirt láithreoir Méabh Nic Alastair agus Milene Fegan ar an gclár Barrscéalta faoin gclár nua agus a rólanna mar mháithreacha.

Sraith nua shiamsúil í Bantracht a léiríonn na buaicphointí agus na h-íosphointí a bhaineann le máithreachas agus le saol teaghlaigh trí shúile beirt chairde, Méabh Nic Alastair & Milène Fegan, a bhfuil páistí óga acu. Beidh sí ar fáil le híoslódáil ó Soundcloud go seachtainiúil ón Domhnach 2 Aibreán.

Tá an tsraith á cur i láthair ag beirt chomrádaithe, Méabh Nic Alastair agus Milène Fegan, ar tháinig bláth ar a gcairdeas sular tháinig a bpáistí ar an saol. Déanann siad plé ar a dtaithí féin mar thuismitheoirí lena linn. Mná macánta, díreacha agus géara iad agus níl aon drogall orthu labhairt ar na rudaí is tábhachtaí sa saol, ceisteanna nach mbíonn siad i gcónaí ar aon intinn fúthu. Ní choinnítear aon rún siar sa tsraith seo.

Cuimsíonn Méabh agus Milène réimse leathan ábhar, idir cheisteanna tromchúiseacha agus ceisteanna éadromchroíocha, ach cothromaíocht ann i gcónaí idir mhaith agus olc. Labhraíonn siad go hoscailte faoi bhuaicphointí agus faoi íosphointí shaol an teaghlaigh. Is ardán é seo le béim a leagan ar chéimeanna éagsúla na tuismitheoireachta, mar shampla ag iompar clainne, ag tógáil naíonán, ag deileáil le tachráin, páistí ag dul ar scoil agus go leor leor eile.

Ar na haíonna speisialta ar an tsraith, tá an t-amhránaí is scríbhneoir Bernadette Morris, an craoltóir Caoimhe Ní Chathail, an múinteoir ióga Nuala Ní Scolláin, an cumadóir Sadhbh Rosenstock, agus daoine eile nach iad.

Is léiriúchán de chuid Macha Media é Bantracht do Raidió Failte, a fuair maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán TÉ. Rinneadh taifead agus eagarthóireacht air i bpáirt le foireann Raidió Fáilte. Ba é Antaine Ó Donnaile an léiritheoir feidhmiúcháin agus ba iad Milène Fegan agus Méabh Nic Alastair a chomhléirigh agus a chuir an tsraith i láthair.

Bantracht is an entertaining new series which captures the highs and lows of motherhood and family life through the eyes of two friends with young children, Méabh Nic Alastair & Milène Fegan.

The first episode will be broadcast on Mother's Day, Sunday 19 March at 7pm on Raidió Fáilte and will air weekly for 10 weeks. It will be available to download on Soundcloud on a weekly basis from Sunday 2 April.

Presented by two friends whose friendship blossomed before their children did, Méabh Nic Alastair and Milène Fegan, they discuss their own experiences as parents throughout the series. Both are honest, direct and sharp women, with no hesitation in talking about the most important things in life and they don’t always necessarily agree on those things. Nothing is off the record in this series.

Méabh and Milène will cover a broad spectrum of subjects, both serious and light-hearted, but always balancing the light with the shade. They talk openly about the ups and downs of family life. This is an opportunity to highlight all the stages of parenthood, e.g. pregnancy, parenting infants, dealing with toddlers, kids going to school and everything in between.

Special guests on the series include singer-songwriter Bernadette Morris, broadcaster Caoimhe Ní Chathail, yoga teacher Nuala Ní Scolláin, campaigner Mairtín Mac Gabhann, among many others.

Bantracht is a Macha Media production for Raidió Fáilte which received support from the Irish Language Broadcast Fund, NI Screen. It was recorded and edited with the Raidió Fáilte team, Antaine Ó Donnaile was the executive producer and it was co-produced and co-presented by Milène Fegan and Méabh Nic Alastair.