Labhrann nach mór 44,000 míle duine Gaeilge ar bhonn laethúil i dTuaisceart na hÉireann de réir figúirí ó daonáireamh 2021 a foilsíodh inniu.
Ar an drochuair, ní dhéantar idirdhealú idir iad siúd a úsáideann a gcuid Gaeilge lasmuigh nó laistigh den chóras oideachais sa daonáireamh sin, mar a dhéantar ar an taobh ó dheas den teorainn. Níor bailíodh aon eolas faoin nGaeilge ar feadh i bhfad sna sé chontae.
Labhair Ciarán Dunbar ar an gclár Tús Áite faoin eolas is déanaí seo a léiríonn an t-eolas seo go bhfuil líon suntasach daoine ag úsáid na Gaeilge. Cé nár bailíodh an t-eolas seo i bhfoirm daonáirimh roimhe seo, deir Dunbar go raibh taighde déanta ar an gceist seo agus más fíor den daonáireamh, go bhfuil an-dul chun cinn déanta le tamaill anuas.
Mhínigh Dunbar gur léirigh an daonáireamh thar rud ar bith eile go bhfuil an Ghaeilge i mBéal Feirste i bhfad níos láidre ná in áit ar bith eile sna sé chontae.
Sa daonáireamh chéanna dúirt 2.09% den phobal go raibh siad homaighnéasach, déghnéasach nó raibh claonadh gnéis acu.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.