skip to main content

Ról na hÉireann ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe

The final programme in this series explores Ireland's role on the UN Security Council.

Seo an clár deireanach sa tsraith seo faoi mar a ghnóthaigh stát na hÉireann aitheantas ar leith thar tréimhse céad bliain ar an stáitse domhanda. Inniu, beidh an clár ag díriú ar obair na hÉireann ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus mar a chuir sé sin le haitheantas idirnáisiúnta an stáit agus na dúshláin a bhaineann leis seo. Cloisfidh muid ón iar-ambasadóir sna Náisiúin Aontaithe Noel Dorr faoi thaithí na hÉireann ar an gComhairle Slándála, agus a tharla i 2001 nuair a bhí tubaist 9/11 le linn chathaoirleach na hÉireann ar an gComhairle. Cloisfidh muid tuairimí láidre freisin ón iar-ambasadóir Seán Ó Huiginn faoi na deacrachtaí le Prótacal an Tuaiscirt, agus na dúshláin faoi leith a bhaineann leis. Beidh plé painéil freisin leis an iriseoir Gráinne Ní Aodha ón Áisíneacht Preasa, An Dochtúir Piaras Mac Éinrí ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, agus an tOllamh le dlí in Ollscoil Minnesota agus Rapporteur speisialta na Náisiún Aontaithe Fionnuala Ní Aoláin. Is iad Scun Scan Productions a léirigh an clár seo, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail a chuirfidh an clár i láthair.

Fionnuala Ní Aoláin.

Today, we’ll hear the final programme in this series about how the fledgling Irish state developed its unique standing on the world stage over the course of the last one hundred years. The programme will be focused on the state’s work on the UN Security Council, and how that contributed to its standing. We’ll hear from former ambassador to the UN Noel Dorr, about Ireland’s experience with the security council, and what happened in 2001 after the 9/11 attacks while Ireland was chair of the council. We’ll also hear some strong opinions from Seán Ó Huiginn about the difficulties with the Northern Ireland Protocol, and the challenges that are particular to that situation. We’ll hear a panel discussion, too, with journalist Gráinne Ní Aodha from PA, Dr Piaras Mac Éinrí from UCC, and Fionnuala Ní Aoláin, Professor of Law at the University of Minnesota and UN Special Rapporteur. This series is presented by Dónall Ó Maolfabhail. This is a Scun Scan Production, with support from The Department of Foreign Affairs and the BAI.