I mí Bealtaine 1953, a tháinig an eagraíocht Gael Linn ar an bhfód. Labhair Reámonn Ó Ciaráin Príomhfheidhmeannach Gael Linn le Tristan Rosenstock ar an gclár An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Níos déanaí an tseachtain seo beidh Bladhaire ag teacht beo ó Ardoifig Ghael Linn ar Sráid an Dáma do chlár speisialta a dhéanfaidh ceiliúradh ar obair agus ar shaothar ceoil Ghael Linn agus iad 70 bliain ar an bhfód i mbliana. Beidh Áine Ní Bhreisleáin i mbun comhrá leis an bpoc é féin, Seán Ó Sé, agus beidh cúpla amhrán againn uaidh. Beidh ceol beo le cloisteáil freisin ó IMLÉ agus Róisín Seoighe, An Chéad Ghlúin Eile agus Sadhbh Rosenstock.
Beidh iar-fhostaithe na heagraíochta agus daoine eile a bhí agus a raibh baint mhór acu leis, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le hÁine, ina measc Seán Ó Ceallaigh, Áine Hensey, Antoin Delap agus Pádhraic Ó Ciardha, agus beidh sí ag comhrá freisin le baill den fhoireann atá leo faoi láthair. Beidh Riobard Mac Góráin á thabhairt chun cuimhne, duine de bhunaitheoirí na heagraíochta i 1953, agus beidh Louis Marcus ag caint ar scannáin Ghael Linn. É sin agus go leor eile beo ón ardchathair Dé hAoine.