Ag a gcruinniú Boird i mBéal Feirste ar an 10 Márta, léirigh comhaltaí Boird Fhoras na Gaeilge, d'aon ghuth, a mbuairt agus a n-imní faoi na hathruithe atá déanta ar an gcuraclam bunscoile, a fhágann go mbeidh 30 nóiméad níos lú sa tseachtain le caitheamh ar mhúineadh na Gaeilge i Rang 1 go Rang 6.
D’fháiltigh an Bord roimh an athrú a d’éascódh foghlaim an tríú teanga sa bhunscoil, ach léiríodh díomá go mbeadh cearta páistí i leith na bhféidearthachtaí cur lena gcumas ina dteanga dhúchais féin thíos leis dá bharr.
Aithníodh go bhfuil go leor gnéithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, ag brath ar fheidhmíocht agus éifeachtacht an chórais oideachais ag leibhéal bunscoile agus meánscoile, agus gur ábhar imní é nach léir go bhfuil an Roinn Oideachais i ndiaidh impleachtaí athruithe an churaclaim bunscoile ar pholasaithe eile Rialtais a chur san áireamh maidir leis an nGaeilge.
Ag labhairt di i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin, go bhfuil "géarghá le cur chuige comhtháite ón Rialtas i leith na Gaeilge, go háirithe i leith na bpolasaithe chun úsáid, réim agus stádas na Gaeilge a neartú sa tsochaí; go raibh an Rialtas ar láimh amháin ag iarraidh go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoi 2030, agus ar an láimh eile, gurb amhlaidh a bheadh laghdú ar líon na n-uaireanta teagmhála leis an teanga ag daltaí".

Agus an Bord ag plé ceisteanna a bhaineann le forbairt na Gaeilge i réimse an oideachais, léirigh an Bord buairt gur díol suntais an liosta de ghnéithe a bhaineann le cur chuige an Rialtais maidir leis an nGaeilge i réimse an oideachais atá ag baint de chur i bhfeidhm pholasaithe eile an Rialtais i leith na Gaeilge.
Tá imní léirithe cheana féin ag Foras na Gaeilge faoi chur chuige an Rialtais maidir le díolúintí ó fhoghlaim na Gaeilge, polasaí nach bhfuil a leithéid le fáil i dtír ar bith eile maidir le foghlaim i dteanga an Stáit. Léiríodh imní freisin faoina laghad dul chun cinn a bhí déanta i bhforbairt na Foghlama Comhtháite Ábhar agus Teangacha (CLIL), agus nach bhfuil an Comhchreat Tagartha Eorpach do Theangacha in úsáid ag an Roinn Oideachais sna meánscoileanna agus sna hinstitiúidí oiliúna múinteoirí, in ainneoin sin a bheith molta ag an iliomad saineolaithe agus taighde.
Beidh Foras na Gaeilge ag scríobh chuig an Aire Oideachais, Norma Foley TD lena n-imní faoina cinneadh a chur in iúl di.