skip to main content

Farming Folk: Saol na Feirme

Sa tsraith úr sé chlár, Saol na Feirme, tugtar spléachadh ar shaolta theaghlach feirmeoireachta déag éagsúil thar cheithre shéasúr. Cuireann an lucht féachana aithne ar na fir agus na mná atá ag fás an bhia a ithimid go léir, agus atá ag soláthar fostaíochta agus ioncaim i bpobail na tuaithe.

Brand new six-part series taking us into the lives of eleven very different Irish farming families across four seasons. Episode One begins on the Waterford coast with brother and sister Jamie and Mairead Costin who each farm in their own distinct ways. Mairéad runs a vegetable enterprise while Jamie is a progressive dairy farmer. We visit Piaras Ó Lorcáin, a young beef farmer in Armagh, and join Seánie Ó Baoill and his sheep flock in the hills of Donegal.

Leanann an tsraith a saolta ón earrach go dtí an geimhreadh, ag fiosrú conas a théann siad i ngleic le gach rud a chuireann an nádúr os a gcomhair agus conas mar a théann freagrachtaí timpeallachta i bhfeidhm orthu níos mó ná ariamh. Is ceist dhomhanda í ár dtionscal feirmeoireachta áitiúil, ar a mbíonn tionchar ag luaineacht praghasanna ar fud na cruinne, ag tubaistí nádúrtha na mílte míle ar shiúl, agus fiú ag cogadh san Úcráin.

Saol na Feirme is a brand new six-part RTÉ series taking us into the lives of eleven very different Irish farming families across four seasons. Viewers get to know the men and women who are growing and producing the food we all eat and providing income and employment in our rural communities. The series charts their lives from spring through to winter, how they cope with everything that nature has to throw at them and how more than ever they are affected by environmental responsibilities. Our local farming industry is also a global concern, impacted by price fluctuations across the world, natural disasters thousands of miles away and even war in Ukraine.

Saol na Feirme cameras have been out in all weathers capturing the stories of the people who live and work the land, giving an insight into modern Irish rural life in counties Antrim, Armagh, Donegal, Galway, Mayo, Meath, Waterford and Kerry. Farms featured include arable, hill and lowland sheep flocks, dairy, beef and vegetable enterprises. Some farmers are high-tech and cutting edge while others are keen to preserve traditional methods.

Bhí ceamaraí Shaol na Feirme amuigh ag taifeadadh beag beann ar an aimsir, le scéalta na ndaoine a shaothraíonn an talamh a fháil, le léargas a thabhairt ar shaol comhaimseartha na tuaithe i gcontae Aontroma, Dún na nGall, Ard Mhacha, Gaillimh, Maigh Eo, an Mhí, Pórt Láirge agus Ciarraí. Tá feirmeacha caorach chnoic agus ísleáin, curaíochta, déiríochta, mairteola agus glasraí i measc na bhfeirmeacha ar an tsraith. Tá cuid acu ar thús cadhnaíochta agus cuid eile a dhíríonn ar mhodhanna traidisiúnta a chaomhnú.

Tá na háiteanna is áille in Éirinn i measc na suíomhanna sa tsraith, agus tá codarsnacht idir maise na tíre agus an taobh praiticiúil de bheatha a shaothrú sna háiteanna seo. Mar a deir feirmeoirí go minic ar an chósta iarthair, "ní féidir an radharc a ithe". Ach an bhfágfadh siad ariamh é?

This series is filmed in some of Ireland's most stunning locations. There is the contrast of the beauty of the land with the practicalities of making a living in these places. As many a farmer on the west coast says, "You can't eat the view". But would they or could they ever leave it?

Tugann Saol na Feirme tuiscint thráthúil ar cheann de na tionscail is ársa dá bhfuil againn, agus léiríonn sí aistear ár mbia ó pháirc go forc, ag ceiliúradh caomhnóirí na tuaithe. Bíonn ár bhfeirmeoirí i gcónaí ag rith is ag rás in aghaidh na haimsire, ag bainistiú ainmhithe guagacha agus innealra taghdach – bíonn neart ann lena gcoinneáil gnóthach.

Saol na Feirme gives viewers a timely insight into one of our oldest industries, showing the journey of our food from field to fork and celebrates the custodians of our countryside. Our farmers are always racing against the weather; managing unpredictable animals and temperamental machinery – there’s plenty to keep them busy.

Saol na Feirme, anocht, Monday 6th March, 8.00pm