skip to main content

Portrait of a guitar genius: Dennis Cahill

Is portráid phearsanta é seo ina dtugtar léargas ar scéal Dennis Cahill (1954-2022), máistir an ghiotáir as Chicago, ón tréimhse a chaith sé le laoch na fidle Martin Hayes go dtí an pháirt a ghlac sé sa sárghrúpa The Gloaming.

"An chéad íostach i gceol traidisiúnta na hÉireann" a ghlaoigh Martin Hayes air. Sa scannán seo, déantar iniúchadh ar stíl seinnte an ghiotáir a bhí ag Dennis agus ar an tslí ar mhúnlaigh sé stíl tionlacain úrnua sa cheol traidisiúnta. Trí agallaimh a dhéanamh leis na cairde ceoil a bhí aige, tagann pictiúr chun cinn den fhear cúthail tuisceanach a bhíodh ar thaobh stáitse – fear deisbhéalach a raibh tuiscint dhomhain aige ar an gceol agus grá ar leith aige don ghrianghrafadóireacht. Tá míreanna sa scannán leis na ceoltóirí Liz Carroll, Iarla Ó Lionáird, Caoimhín Ó Raghallaigh, Steve Cooney, Martin Hayes, agus cairde eile.

Is é an déantóir scannáin aitheanta Dónal O'Connor a stiúir agus a léirigh an clár don chomhlacht teilifíse Aniar. Sa chlár Dennis Cahill – Litir ó do chara, cuirtear saol agus saothar an cheoltóra cheannródaíoch Dennis Cahill (1954 - 2022) os comhair an tsaoil.

Inseofar scéal mháistir an ghiotáir as Chicago sa scannán seo, le cuntas ar a chuid oibre le Martin Hayes, agus an ról a bhí aige sa sárghrúpa ceoil The Gloaming. Cuirfear tús leis an scannán le litir dhomhain chneasta ó Martin Hayes chuig a chara dílis Dennis, agus leanfaidh sé ar aghaidh chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcúlra sa Snagcheol agus sa Rac-cheol a bhí ag Dennis agus an cosán ceoil a shníomh sé agus é ag forbairt agus ag múnlú stíl tionlacain iomlán nua sa cheol traidisiúnta. Tabharfaidh a bhean chéile Mary Joyce, agus a chairde ceoil, cur síos ar fhear deisbhéalach domhain, a raibh sár-thuiscint aige ar an gceol agus grá ar leith aige don ghrianghrafadóireacht. Tabharfaidh Martin Hayes ar iomramh ceolmhar muid go hoirthear Chontae an Chláir, áit ar lonnaigh Dennis é féin agus é ar a chamchuairteanna ar fud na hEorpa.

Thug an áit faoiseamh agus sólás do agus é i measc mhuintir Hayes agus phobal ceoil na Fiacaile. Tabharfaidh Iarla Ó Lionáird go Corca Dhuibhne muid, áit a bpléifidh sé téama na himirce, teanga agus an nasc a bhí ag Dennis le tírdhreach aoibhinn na háite, trína thuismitheoirí a rugadh agus a tógadh sa cheantar. Canfaidh Iarla leagan aoibhinn de Ar Éirinn Ní Neosfainn Cé Hí agus é ag dul i ngleic le fiántas na haimsire agus na farraige i bparóiste mhuintir Dennis.

I bhfuaimrian an scannáin cloisfimid míreanna speisialta ceoil a thaifead laochra ceoil an ghiotáir, Steve Cooney, Seamie O’Dowd & John Doyle. Tabharfaidh seanchara Dennis, an fidléir clúiteach Liz Carroll, blaiseadh de Chicago dúinn tríd an taispeántas bríomhar dá cuid ceoil féinchumtha in éineacht le Seán Óg Graham ón ngrúpa Beoga. Beidh míreanna ceoil chorraithigh le cloisteáil ó bhall den ghrúpa The Gloaming Caoimhín Ó Raghallaigh, ó dhraoi an chonsairtín Cormac Ó Beaglaoich, píosa fíorthochtmhar le Niamh Parsons agus Graham Dunne lena leagan féin den amhrán West Coast of Clare a chum Andy Irvine, agus píosaí óna mhuintir agus a chairde eile a thabharfaidh léargas ar éabhlóid an cheoltóra éirimiúil seo.

Is in Chicago a fuineadh agus a fáisceadh Dennis Cahill agus bhí sé cinnte dá fhéiniúlacht féin mar Mheiriceánach, agus ní mar Ghael-Mheiriceánach. Ó tharla beirt chainteoirí Gaeilge as Ciarraí Thiar a bheith mar thuismitheoirí aige, níorbh aon iontas é go meallfaí an ceoltóir iltíreach seo a raibh spéis mhór aige i snagcheol agus popcheol i dtreo an cheoil thraidisiúnta ar deireadh. Bhuail Liz Carroll, an fidléir as Chicago, le Cahill nuair a bhí an bheirt acu sa choláiste. "Anam cineálta agus caoin a bhí ag Dennis Cahill, agus cara buan agam féin i rith mo shaoil ceoil ar fad. Ba bhreá liom i gcónaí bualadh le Dennis agus comhrá a bheith againn sna tithe tábhairne cosúil le The Abbey and Chief’s fad is bhí seisiún ag tosú ann. Bhí an-tuiscint aige ar áilleacht na bport, conas luach na bport a chur i láthair agus conas dlúthcheangal a dhéanamh leis na héisteoirí."

Ba le Martin Hayes, fidléir as oirthear Chontae an Chláir, a bhí an caidreamh ceoil ba shuntasaí ag Dennis, duine ar chruthaigh sé páirtíocht ar leith leis. Bhí Cahill ag dul ó jab go jab lena chuid ceoil nuair a bhuail sé le Hayes ar dtús sna 1980idí in Chicago. Thug Cahill cuireadh do Hayes a bheith páirteach sa Midnight Well, banna snagcheoil/ceoil tíre ag an am. Bhog Hayes go Seattle sa bhliain 1992 ach bhuail an bheirt acu le chéile arís sa bhliain 1996 agus d’eisigh siad a gcéad albam le chéile, The Lonesome Touch, an bhliain dar gcionn. Sheinn Hayes agus Cahill le chéile ar feadh na mblianta i Meiriceá, in Éirinn agus i Sasana, agus rinne siad camchuairteanna i Meicsiceo, san Astráil, sa tSín, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ollainn, i Hong Cong, san Iodáil agus sa Pholainn. Sheinn siad in éineacht le laochra ceoil eile ar nós Ricky Skaggs, Paul Simon agus Sting.

Craolfar an clár Dennis Cahill – Litir ó do Chara ag 21:30 ar an 5 Márta 2023 ar TG4. Beidh sé ar fáil chomh maith ar sheinnteoir TG4.