Labhair Lauren ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a taithí sa chlár Réaltaí na Gaeltachta agus í ag filleadh ar an teanga.
Is tionchaire í Lauren ó Cheatharlach ó dhúchas agus tá sí ag plé leis na meáin shóisialta ó bhí sí sa scoil ach ag obair go lán-aimseartha sa réimse sin ó mbliain 2020. Cé go bhfuil Gaeilge ag Lauren dúirt sí nach raibh mórán Gaeilge in úsáid aici ó thréimhse na scoile agus mar sin bhí sí imníoch ag dul go Gaeltacht Rann na Feirste leis an gclár teilifíse a thaifead.
Is iad Des Cahill, Amanda Brunker, Fred Cooke agus Oisín Mullins a bhí i dteannta Lauren agus iad ar fad ag leibhéil éagsúla ar an aistear teanga.
D'fhreastail Lauren ar scoileanna lán-Ghaeilge i gCeatharlach ach deir sí nach bhfuil a cuid Gaeilge foirfe ach go raibh sí ag iarraidh a cumas sa teanga a fhorbairt. Cé nach raibh aithne ag Lauren ag éinne eile a bhí sa chlár, deir sí go bhfuil cairde saoil aici anois tar éis na tréimhse sa Ghaeltacht.
Tá Lauren dóchasach go gcabhróidh an clár seo leo siúd nach raibh taithí iontach acu leis an teanga ar scoil an taobh nádúrtha a fheiceáil den teanga agus í á labhairt go neamhfhoirfe ag na réaltaí ar fad.
Réaltaí na Gaeltachta, Dé Máirt, RTÉ ONÉ ag 7pm