skip to main content

2,000 clár de Ros na Rún le craoladh le linn Seachtain na Gaeilge

Críochnaíonn taifeadadh i Ros na Rún TG4 don 27ú séasúr agus iad ag fáil réidh don 2,000ú eipeasóid ar an 16ú Márta 2023. Sin é le haghaidh séasúr 27 don dráma tuaithe cáiliúil TG4 Ros na Rún ina mbeidh an 2,000ú eipeasód acu ar an 16ú Márta agus Seachtain na Gaeilge.

Bhí neart corraíl agus snáithí scéil I rith séasúr 27. Ó Thadhg agus a chuid fadhbanna talún le Sonny, go dtí an chaoi gur thángthas ar chorp uncail Chaitríona ar talamh Sonny agus an chaoi go bhfuil a féinmhuinín tar éis meadú go mór agus go bhféadfadh é sin í a fhágáil gan dídean. É sin ráite, chaill sí meas a iníon freisin. Tá rud éigin ag tarlú i saol Caitríona i gcónaí ach an bhfuil chuile duine ag dul ina choinne, fiú Meabh?

Tá an lucht féachana ag leanacht Sonia, Mack agus Sam le spéis. An bhfuil an ceart ag Vera go bhfuil Sam ag cuartú níos mó aird óna mháthair ag caitheamhj gom dona léi. An bhfuil tús curtha le droch iompar Sam tar éis dó goid ón Siopa? Cén chaoi a mbeidh Sonia mar máthair shingil. An mbeidh Mack ann chun cúnamh a thabhairt di nó an dtabhirfeadh Rory chun solais an fadhb cócaon atá ag Mack? Léiríonn Ros na Rún mar an t-aon sraith dráma tuaithe in Éirinn na fadhbanna sóisialta a bhíonn ag an pobail tuaithe na hÉireann.

Tá ag éirí go maith le Vera ina ról Miss Marple agus tagann sí féin agus Réailtín ar réiteach. An bhfuil Vera ró-dáiríre faoin ról atá aici mar bhleachtaire pobail nuair atá a mac Garda Tony ar dualgas in Oileán Árainn? An bhfuil Vera in ann ag Garda Diana rúnmhar? Ach fan go bhfeicimid cé chomh comhtháite ina mbeidh sí i Ros na Rún agus na deacrachtaí atá roimpi ins an baile "codlatach" seo.

An mbeidh aiféala ar Sorcha agus Greg agus iad tar éis feall a dhéanamh ar cairdeas agus dílseacht Michelle. An mbeidh ceacht foghlamtha acu?

Tá John Joe ag fáil aithne ar a mhac Manus ach ní bhíonn tigh Daly i bhfad ó eachtraí go hiondúil.

Tá an lucht féachana tógtha le Ché agus an fuinneamh a bhaineann leis. Tá sé ag iarradh filleadh ar ais go Boston ach tá sé ag iarradh láithreacht a gcuid muintir Sonny agus a bhean chéile Chrystal, agus iad ag déanamh iarracht cé nach bhfuil pingin acu. An eireoidh le Ché a bhieth ina fhreastálaí siopa nua ag Vince nó an bhfuil níos mó diabhlaíocht ag Ché maidir lena chara nua Réailtín? Tá neart rachtanna móra fós le teacht is cosúil!

Beidh an 2,000ú eipeasóid i séasúr 27 de Ros na Rún agus is fíor gharsprioc é sin don sraith drama cáiliúil TG4. Tá neart ábhar iontais fós le teacht don lucht féachana, daoine aitheantais Ros na Rún nár facthas le píosa san áireamh. Tá níos mó snáithí scéil spleodrach fós le teacht don lucht féachana. Coinneoidh Bobbi Lee uirthi lena cuid smaointe místuama agus socraíonn Bern isa saol lena iníon agus triallann sí dearmad a dhéanamh ar céard a tharla. É sin ráite, is léir go bhfuil sí sásta le cosaint Vera ach an ligfeadh slis cuimhne an Teidí cúpla fírinne chun solais roimh deireadh sn séasúr? Bhuel is í Berni atá ann…. díreach ar nós cara léi Caitríona, ní bhíonn drama i bhfad i gcéin.

Bí ag breathnú air Dé Máirt agus Déardaoin ag 8:30pm ar TG4 leis an ollchlár Dé Domhnaigh ag 7:30pm le haghaidh sraith bríomhar eile de Ros na Rún ina gcuirfidh baile na rúin siamsaíocht ar fáil don lucht féachana le dráma agus dúshláin an tsaol, atá measctha le coiméide.

Tá Ros na Rún urraithe ag XL Éireann agus is comhléiriú é idir Tyrone Productions i mBile Átha Cliath agus Danú Media i gConamara do TG4. Ag fostú 160 duine ag taifead ar an seit i Ros na Rún sa Spoidéal, is é Ros na Rún an léiriúcháin teilifíse neamhspleách is mó taobh amuigh de Baile Átha Cliath.

Lean Player TG4 agus RTÉ le haghaidh gach sraith agus meáin sóisialta Ros na Rún le haghaidh an nuacht is déanaí.