Beidh Raidió na Life ag reáchtáil sraith de cheardlanna raidió do bhunscoileanna le linn Sheachtain na Gaeilge 2023, ag múineadh scileanna craoltóireachta do ghlúin nua de réaltaí raidió na Gaeilge!
Múinfear scileanna agallóireachta, láithreoireachta agus tuairisceoireachta raidió do pháistí bunscoile sna ceardlanna agus beidh deis acu cuairt a thabhairt ar stiúideonna úrscothacha Raidió na Life i lár chathair Bhaile Átha Cliath agus féachaint ar chlár raidió ag tarlú beo ar an aer. Déanfaidh na páistí a gcuid míreanna raidió féin a thaifeadadh sna ceardlanna. Beidh na ceardlanna saor in aisce agus moltar do scoileanna a n-áiteanna a chur in áirithe go tapa.
Tionscadal is ea SPRAOI Raidió na Life ina dtugtar deis do pháistí scoile an Ghaeilge a úsáid ar bhealach spraíúil agus oideachasúil agus iad ag foghlaim scileanna luachmhara craoltóireachta trí Ghaeilge. Tugtar ardán freisin do pháistí a nguthanna féin a chloisteáil ar an raidió, cur lena gcuid scileanna cumarsáide agus a gcuid féinmhuiníne – agus an Ghaeilge a úsáid i mbealach taitneamhach agus spreagúil taobh amuigh den seomra ranga.
Reáchtálfar ceardlanna SPRAOI Raidió na Life le linn Sheachtain na Gaeilge, 1 – 17 Márta i Raidió na Life, in Áras na Gaeilge ar Shráid Amiens, Baile Átha Cliath 1. Le haghaidh tuilleadh eolais nó le ceardlann a chur in áirithe, seol ríomhphost chuig spraoi@raidionalife.ie.
Tá tionscadal SPRAOI Raidió na Life á reáchtáil le tacaíocht ó scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann leis an táille ceadúnais teilifíse agus le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Tá ceardlanna raidió á soláthar ag SPRAOI Raidió na Life do pháistí bunscoile ó 2015, agus acmhainní foghlama nuálacha ar líne á gcur ar fáil ag Raidió na Life do bhunscoileanna, idir Ghaelscoileanna agus scoileanna nach Gaelscoileanna iad, le tacaíocht ón BAI ó 2022.