Tháinig foireann Iris Aniar chomh fada le hIarthuaisceart na tíre le clár speisialta de chuid Iris Aniar a chraoladh le ceiliúradh a dhéanamh ar leathchéad bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Labhair cuid de mhuintir Chonamara atá anois ag cur futhu i nDún na nGall faoin gcontae, faoina dtaithí ann agus faoi thábhacht an raidió dóibh ann.