Labhair Séamus Ó Drisceoil ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar na hiarrachtaí atá ar bun ar Oileán Chléire le fuinneamh inathnuaite a úsáid.
Tá painéil ghréine curtha ar trí theach ar an oileán le aibhléis a ghiniúint astu le fuinneamh a chruthú don oileán Gaeltachta seo. Deir Ó Drisceoil gur leor an ghrian a bheith amuigh agus nach gá go mbeadh sé te chun an fuinneamh seo a bhaint ó na painéil seo a cuireadh isteach le déanaí.
Tá painéil eile istigh ag muintir an oileáin le huisce a théamh agus cé go raibh infheistíocht le déanamh ar an gcéad dul síos, dúirt Ó Drisceoil go bhfuair siad luach a gcuid airgid orthu agus nach gá dóibh íoc as uisce te ach cúig mhí in aghaidh na bliana.
Fuair an t-oileán cabhair ó dheontaisí le híoc as na painéil nua seo a ghineann aibhléis don oileán. Tá buntáistí eile a bhaineann leis an teicneolaíocht seo, nuair nach mbeidh aibhléis ar an oileán, beidh sí le fáil ó na painéil seo mar go bhfuil cadhnra neamhspleách mar chuid dóibh.
Seo céim eile ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag muintir an oileáin ar mhaithe leis an dtimpeallacht álainn a chaomhnú, anuas ar bhus leictreach agus iarrachtaí eile bláth speisialta ar an oileán a chaomhnú.
Tá na míllte planda don lus liath a fás ar an oileán anois a bhuiochas do thionscnamh a chuir Joe O Driscoll agus Mike Daly ar bun ann.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00