skip to main content

Aitheasc Chinn Bhliana Uachtarán Putin

Labhair Séamus Martin, Iar-chomhfhreagraí an Irish Times i Moscó ar an gclár Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi ráiteas a thug Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin mar gheall ar na bagairtí míleata agus eacnamaíocht ó chumachtaí an Iarthair.

Dúirt Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach ngéillfeadh an Rúis go deo do na bagairtí míleata agus eacnamaíochta atá orthu ó chumhachtaí an iarthair. Ina aitheasc chinn bhliana, dúirt an tUachtarán le tithe na parlaiminte go raibh an pobal aontaithe taobh thiar den fheachtas míleata san Úcráin.

Mhínigh Séamus go bhfuil amhras aige faoin méid a dúirt Putin faoi na Rúisigh a bheith aontaithe maidir leis an gcogadh san Úcráin. Síleann Martin go raibh Putin ag cuartú níos mó tacaíochta san aitheasc chinn bhliana seo agus é ag caint faoi dhul chun cinn eacnamaíocht na Rúise, áit nach bhfuil na smachtbhannaí ón Iarthar ag cur isteach nó amach air.

Luaigh Martin nach bhfuil na smachtbhannaí seo ag déanamh dochair do mhórán sa tír ag an bpointe seo, go bhfuil formhór na nithe a bhíodh sa siopaí fós ann agus dá réir nach bhfuil siad éifeachtach ó lá go lá.

Éist le Nuacht a hAon ón Luan go hAoine ag a haon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta