skip to main content

Scéal a mhair i gcomhad an KGB faighte in athuair

Seoladh an leabhar Ceistiúchán a scríobh Máiréad Ní Bhreisleáin Uí Cheallaigh le déanaí. Bhí Fachtna ó Drisceoil ar an láthair agus labhair sé le Mháiréad Uí Bhreisleáin, Concubhar Ó Dálaigh agus Séamus Martin faoi seo.

Chuaigh Patrick Breslin, fear óg Éireannach a raibh a chroí sa sóisialachas, chun cónaithe san Aontas Sóivéadach i 1928. Bhí sé 20 bliain d'aois agus d'fhág sé athair, máthair, deirfiúr agus deartháir ina dhiaidh. Phós sé bean Rúiseach, Ekaterina Kreitser agus bhí beirt páiste acu ach scar siad ina dhiaidh sin. I 1936 bhuail sé le bean Éireannach, Maighréad Nic Mhaicín, i Moscó. Phós siad agus d’ éirigh le Maighréad filleadh go hÉirinn agus í torrach agus bhí súil ag an mbeirt acu go gcabhródh breith an linbh le Patrick filleadh go hÉirinn ach ní raibh aon mhaith ann. Ba é seo ré Stailín, agus eachtrannaigh go mór faoi amhras san Aontas Sóivéadach.

Patrick Breslin

Ar an 21 Nollaig 1940 i lár an Dara Cogadh Domhanda, ghabh na póilíní rúnda i Moscó Patrick as ospidéal ina raibh sé faoi chúram, agus níor chuala a bhean chéile nó a iníon óg i mBéal Feirste tásc ná tuairisc air arís ina dhiaidh sin. Fuair a bhean chéile Maighréad Nic Mhaicín bás gan fios a bheith aici cad a tharla dó.

Blianta níos déanaí, sna 1990aidí, áfach, i ré Glasnost, d’éirigh lena hiníon Mairéad Ní Bhreisleáin Uí Cheallaigh, le cabhair ón staraí Éireannach Barry McLoughlin, teacht ar chomhad a hathar i gcartlann an KGB. Agus le cabhair ó chomhfhreagraí an Irish Times i Moscó, Séamus Martin, d’aimsigh sí an deartháir agus an deifiúr Rúiseach nár bhuail siad leo riamh.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.