Bhailigh ceoltóirí agus amhránaithe as gach cearn den tír chomh maith le go leor tíortha i bhfad i gcéin i mBaile an Fheirtéaraigh do Scoil Cheoil an Earraigh agus bhí An Saol Ó Dheas i láthair le blaiseadh a thabhairt d'éisteoirí an chláir.
I measc na gceoltóirí agus amhránaithe a chloistear le linn an chláir, tá an t-amhránaí albanach,Kathleen Macinnes chomh maith le duine de bhunaitheoirí na Scoile, Breanndán Ó Beaglaoích, Liam Ó Maonlaí agus ceoltóirí ón Eastóin freisin.
Blaiseadh do Bhean Pháidín ó Liam Ó Maonlaí ar an @saolodheas beo ó @ScoilCheoilAE. @RTERnaG pic.twitter.com/qeKtiuCfDK
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) February 17, 2023
Bhí éisteoirí an chláir faoi dhraíocht ag Breanndán agus Kathleen nuair a chas siad Jimmy Mo Mhíle Stór, an leagan Gaelach agus an leagan Albanach le chéile le Liam Ó Maonlaí mar thionlacan.
Jimmy mo mhíle stór ag Breanndán Ó Beaglaoich agus Kathleen MacInnes le tionlacan ó Liam Ó Maonlaí @RTERnaG. Craoladh beo ó @ScoilCheoilAE pic.twitter.com/4wC4LVE0Nr
— Saol ó Dheas RnaG (@saolodheas) February 17, 2023
Ó dhuine go duine ar an @saolodheas inniu. Ceol, comhluadar agus amhráin aoibhinn álainn ar an gclár beo ó @ScoilCheoilAE. @RIomaire @lliamm7 pic.twitter.com/DamKfPGBIp
— Edel Ní Loibhéad (@EdelLovett1) February 17, 2023