After some initial dialectal confusion, Paul Mescal spoke to Caitlín Nic Aoidh from TG4 as Gaeilge about the year of Irish film from An Cailín Ciúin to Banshees of Inisherin on the red carpet at the BAFTAs.
Paul, originally from Maynooth, attended a Gaelscoil in the Kildare town and clearly hasn't lost his grá don Ghaeilge. Labhair Mescal mar gheall ar Aftersun, an scannán ina bhfuil an príomhról aige féin ann chomh maith leis an scannán Gaeilge, An Cailín Ciúin.
Dúirt sé go bhfuil An Cailín Ciúin ar cheann de scannáin na bliana ina thuairim agus gur stiúrthóir den scoth é Colm Bairéad. Labhair sé freisin faoin suim atá aige scannán a dhéanamh é féin trí Ghaeilge amach anseo tar éis dó An Cailín Ciúin a fheiceáil.
Nuair a bhíonn Gaeilge Dhún na nGall ag an scrúdaitheoir! 😅 #BAFTAs #EEBAFTAs pic.twitter.com/yrkRvS2NJS
— TG4TV🪬 (@TG4TV) February 19, 2023
Ar an drochuair, níor éirigh leis An Cailín Ciúin an gradam a thabhairt abhaile ach tá Paul agus foireann an scannáin féin i ndiaidh spreagadh iontach a thabhairt dóibh siúd a bhfuil spéis acu an teanga a fhoghlaim iad féin.