Nó go scarfaidh an bás sin a gheallaimíd dá chéile lá ár bpósta. Cad a thiteann amach don ngrá nuair a cailltear an té dár dtugais gean do chroí do nó di? Labhrann Eibhlín Uí Luing go hoscailte anseo ar An Saol Ó Dheas ar an mbriseadh croí tar éis bháis a céile Páidí sa bhliain 2018.
Bhí Eibhlín agus a fear, Páidí le chéile deich mbliana fichid nuair a cailleadh é tar éis tinneas gairid. Tá beirt chlainne acu agus deir sí go bhfuil sí buíoch as an saol a bhí acu ach ar uairibh go bhfuil sé deacair cur síos ar an mbriseadh croí atá uirthi ó cailleadh Páidí.
Cé go raibh Eibhlín agus Páidí chomh difriúil, dár le hEibhlín, deir sí gur oibrigh siad go maith mar fhoireann. Bhí a gcaidreamh bunaithe ar mheas, ar mhuinín agus ar chineáltas dá chéile.
Cé nach raibh Eibhlín breoite i bhfad agus gur baineadh preab aisti nuair a cailleadh é, bhí deis ag Eibhlín gach a bhí sí ag iarraidh a rá a rá lena fear céile agus glacadh le cuid den bhrón.
'As buíochas tagann beannachtaí', a deir Eibhlín agus tá sí buíoch don saol álainn a chaith sí i dteannta a fear céile agus deir sí go bhfuil sé cinnte go bhfuil na rudaí dearfacha a tháinig isteach ina saol ó cailleadh Páidí ag teacht uaidh.
Cé go bhfuil glactha ag Eibhlín go bhfuil a fear caillte, deir sí go mbraitheann sí go bhfuil sé fós léi. Tagann an cumha anuas uirthi agus bíonn sí ag gol ach glacann sí le sin mar chuid de phróiséas an bhróin, a deir sí.
'Ní bhogann tú ar aghaidh, tugann tú leat é.'
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00