skip to main content

'Bréag i ndiaidh bréag' agus briseadh croí

Labhair Cóilín Ó Scolaí ar an gclár Tús Áite mar gheall ar an socrú a rinneadh sna cúirteanna le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le bás a iníon Laoise thiar sa bhliain 2015.

Saolaíodh Laoise agus a leathchúpla, Cúán ag 28 seachtaine agus 4 lá sa bhroinn. Dúirt Ó Scolaí cé go raibh siad luath go raibh siad den tuairim go raibh an sláinte go maith acu. Ní raibh na scamhóga an-láidir ag an am ach go raibh siad sásta go leor leo.

Bhí foireann an ospidéil agus tuismitheoirí na beirte níos buartha faoi Chúán ná mar a bhí siad faoi Laoise mar go raibh sé níos laige ná a dheirfiúr ag an am. Bhí obráid beag le déanamh ar an mbeirt a bhain le neart na scamhóga agus cé gur éirigh go maith le Cúán san obráid, níorbh ionann é agus an taithí a bhí ag Laoise.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Nuair a chuaigh Cóilín agus Irene ar cuairt ag an mbeirt, bhí an obráid thart do Chúán ach bhí sé fós le déanamh ar Laoise. Glaodh ar na tuismitheoirí 'theacht ar ais go scioptha tráth ar dúradh leo go mb'fhéidir gur gearradh rud éigin in ucht an linbh. Tugadh Laoise chuig ospidéal na leanaí ansin agus a tuismitheoirí ina ndiaidh. Go gairid ina dhiaidh sin, dúradh le Cóilín agus Irene go raibh Laoise marbh.

Tar éis dhá lá, míníodh do Chóilín agus Irene gur cuireadh poll i gcroí an linbh le linn na hobráide ach nach raibh siad soiléir faoin méid a thit amach go díreach ar an lá agus cad ba chúis lena bás.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Mhínigh Cóilín go raibh scéalta difriúla ag an bhfoireann mar gheall ar bhás Laoise agus go ndúradh leo gur Laoise ba laige den bheirt, cé go ndúradh a mhalairt roimhe. Chreid tuismitheoirí Laoise go raibh cur i gcéill i gceist ón tús maidir lena bás agus go raibh bréaga inste leo.

Creideann Cóilín go raibh níos mó spéise ag an bhfoireann aire a thabhairt d'íomhá an ospidéil seachas aire a thabhairt dá leanbh. 'Nuair a cailleadh Laoise, d'athraigh chuile shórt agus bhí sé soiléir go raibh siad ar shutdown agus deny everything'.

Deir Ó Scolaí nach raibh teaghlach Laoise in ann í a chaoineadh mar go raibh an iomarca de strus ag baint leis an tslí a raibh an t-ospidéal agus an HSE ag deileáil leo. 'Ní raibh deis againn caoineadh ceart a dhéanamh mar go raibh muid ag troid i ndiaidh an HSE', a dúirt sé.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir Luan go hAoine idir 5 agus 6.