skip to main content

Ar mhaith leat tabhairt faoi chúrsa scríbhneoireacht scripte?

Tá an comhlacht léiriúcháin Danú Media atá lonnaithe sa Ghaillimh ag seoladh Clár Forbartha Scríbhneoireacht Scripte nua – Greenlight Screenwriting Lab.

Tá stiúrthóir an chúrsa, Philip Shelley tar éis Cúrsa Scríbhneoireacht Scripte de chuid Channel 4 a rith le trí bliana déag agus tríd sin tá sé tar éis obair le cuid den talann nua is fearr i scríbhneoireacht scripte an Ríocht Aontaithe. Tá Philip i mbun a chomhairleacht scripte féin www.script-consultant.co.uk ag obair le scríbhneoirí scripte agus comhlachtaí léiriúcháin. Scríobhann sé nuachtlitir go coicísiúil ar scríbhneoireacht scripte tríd an suíomh gréasáin. Deir Philip faoi bheith ag dul i gcomhar le Danú Media:

"Bhí áthas orm nuair a tháinig Siobhán agus Danú Media chugam leis an togra nua seo chun teacht ar agus obair le talann drámatúil scríbhneoireachta nua Éireannach. Tá stair iontach saibhir ag Éirinn i scríbhneoireacht drámatúil agus an-rathúil le déanaí i scannán agus teilifís, mar sin táim ag súil go mór le luí isteach ar bheith ag obair le scríbhneoirí Éireannacha nua agus na scéalta a bhfuil siad ag iarraidh inseacht".

Cuirfidh Greenlight Screenwriting tacaíocht agus deiseanna uasoiliúna do ghlúin nua scríbhneoirí scripte agus eagarthóirí scripte atá ag teacht chun cinn, tríd traenáil agus meantóireacht faoi theoir an na hearnála. Cuirfidh sé le agus feabhsóidh sé earnáil scáileán na hÉireann.

Le tacaíocht an National Talent Academy Fhís Éireann agus Gréasán na Meán Skillnet, tabharfaidh Greenlight Screenwriting Lab deis do seisear scríbhneoir scripte nua a bheidh faoi stiúr Philip agus daoine proifisiúnta eile ón earnáil sraith drámaíochta teilifíse a fhorbairt. Ina chois sin, cuirfidh an clár seo deiseanna leanúna ar fáil do thriúr a bhfuil suim acu in eagarthóireacht scripte. Beidh baint mhór ag Nadine Flynn atá ag obair le Danú Media mar Fheidhmeanach Forbartha sa chúrsa, a bhfuil taithí aici féin mar eagarthóir scripte.

"Tá a fhios ag an saol go bhfuil mórchuid talann corraitheach ag teacht chun cinn in Éirinn ó thaobh scríbhneoireachta, agus mar sin tá ríméad orainn a bheith ag dul ag obair i gcomhar le Philip agus an cúrsa nua seo a chruthú sa tsúil is go gcothófar an talann sin chomh maith le deiseanna agus traenáil a chruthú d'eagarthóirí scripte. Tá sé tábhachtach dúinn go leanaimíd ag tacú lenár n-earnáil, agus táimíd muiníneach go ndéanfaidh Greenlight Screenwriting Lab é sin" – Nadine Flynn.

Seolfar an togra mar chuid den Fís TV Summit ar an 2 Feabhra 2023 agus cuirfear fáilte roimh iarratais go luath ina dhiaidh sin. Cuirfear scéal chuig an seisear scríbhneoir rathúil faoi dheireadh mhí Aibreán 2023 agus oibreoidh siad ar a smaoineamh ar feadh 6 mhí, tríd ceardlanna deireadh seachtaine i láthair agus cruinnithe agus aiseolas duine le duine. Beidh ról thábhachtach ag daoine proifisiúnta ón earnáil agus aoichainteoirí sa scéim.

Beidh Greenlight Screenwriting Lab oscailte chuig aon scríbhneoir atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann chomh maith le haon scríbhneoirí Éireannacha atá ina gcónaí thar lear. Cuirfear critéir thart ar ilchineáltacht, comhionannas agus cuimsiú i bhfeidhm agus gearrliosta scríbhneoirí le cuir faoi agallamh á chuir le chéile.

Béarla a bheidh mar theanga oibre sa traenáil, ach cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí atá líofa sa Ghaeilge agus atá ag iarraidh ábhar a scríobh i nGaeilge.

Sonraí iomláine ar fáil ag https://script-consultant.co.uk – tar éis an seoladh oifigiúil ar an 2 Feabhra 2023. Féach ar an rannóg FAQ anseo roimh chur isteach ar an gcúrsa.

Déan teagmháil le Nadine Flynn, Feidhmeannach Forbartha le Danú Media ag nadine@danumedia.com