Labhair Kieran McConville, Bainisteoir cumarsáide le carthanacht Concern le Nuacht a hAon agus é ar dualgas in Malatya na Tuirce mar gheall ar an staid reatha i ndiaidh na gcrith talún.
Sa Tuirc agus sa tSiria, tá na h-áisínéachtaí fóirithinte ag díriú a gcuid díograis anois ar na daoine a tháinig slán as crith talún an Luain seo caite. Go dtí seo, áirítear gur maraíodh 35,000 duine, ach go bhfuil imní gur i méid a rachaidh an líon sin.
Dúirt Kieran gur bualadh Malatya go dona sa chrith talún agus go bhfuil na coinníollacha an-fhuar ó shin, freisin, rud nach bhfuil ag cabhrú leis na hiarrachtaí daoine a thabhairt slán ón smionagar. Tá Kieran agus go leor leor eile ina gcodladh i gcarranna.
Tá Kieran ag obair le soláthar bia agus blaincéid dóibh siúd atá anois gan dídean, sa dorchadas. Tá Concern ag obair sna háiteanna seo le fada a deir Mc Conville mar gheall go bhfuil na mílte teifeach ón tSiria ann le blianta anuas, sular tharla an dá chrith talún seo. Luaigh Mc Conville go raibh na teifigh seo ag cabhrú leo siúd a bhí buailte ag an tubaiste uafásach seo.
Tá airgead faighte ag Concern ó mhuintir na hÉireann agus rialtas na hÉireann agus tá plean á chur le chéile anois acu le teacht i gcabhair orthu siúd atá ag fulaingt, a deir sé.
Éist le Nuacht a hAon ar RTÉ Raidió na Gaeltachta óna 1pm