Labhair Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar Nuacht a hAon, RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin maoiniú atá geallta ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán d'Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán.
Tá deontas €314,280 ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta d'Údarás na Gaeltachta le hiarratas ar chead pleanála a ullmhú d’Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán. Meastar go mbainfidh costas €10m leis ach a mbeidh sé tógtha.
Tá fáilte curtha ag Micheál Ó Foighil roimh an socrú atá déanta ag an Roinn i gcomhar leis an Údarás faoi Choláiste Lurgan. Deir sé go bhfuil moladh tuillte ag roinnt mhaith daoine a d'oibrigh go crua i gcaitheamh na mblianta le teacht ar an socrú atá fógartha inniu.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Foirgneamh poiblí ar ardchaighdeán atá ar intinn ag Mícheál Ó Foighil a bheidh uaillmhianach d'fhoghlaim na Gaeilge. Deir sé go bhfuil ríméad an domhain air go bhfuil an fhís seo ag tarlú agus gurb iad Údarás na Gaeltachta a bheidh ag bainistiú an ionaid.
Sular gcuirfear sluaisead sa talamh tá go leor leor oibre le déanamh idir cead pleanála agus eile ach tá dóchas ar Ó Foighil ach go bhfuil an solas glas tugtha ag an Roinn.