How the Irish state's work for poorer countries contributed to its reputation.
Scrúdaíonn an tsraith seo mar a bhain stát na hÉireann aitheantas ar leith amach ar an stáitse domhanda le céad bliain anuas, ó bunaíodh é i 1922. Díreoidh an clár ar mar a chuir obair an stáit do thíortha bochta le haitheantas idirnáisiúnta na hÉireann, agus na dúshláin a bhaineann leis an obair seo. Labharfaidh an t-iar Ambasadóir Paula Ní Shlataire faoi thogra tithíochta san Airgintín a raibh baint aici leis, agus labharfaidh Máirtín Ó Fainnín linn faoina thaithí siúd le tionscnaimh Cúnamh Éireann i Zambia agus i Uganda. Ar an bpainéal leis na ceisteanna a bhaineann leis an ábhar a phlé, beidh iar-Chomhfhreagraí Creidimh agus Gnóthaí Sóisialta RTÉ Joe Little, an tSiúr Siobhán Ní Mhaolmhichíl a chaith tréimhse ag obair san Airgintín, Angus Lambkin, oibrí leis na Náisiúin Aontaithe, agus Fiona Nic Dhonnacha, Ambasadóir na hÉireann sa Cholóim. Is iad Scun Scan Productions a léirigh an clár seo, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail a chuirfidh an clár i láthair.
This series presented by Dónall Ó Maolfabhail examines how the Irish state achieved its unique standing on the world stage over the course of the last one hundred years since its establishment in 1922. The programme focused on how the work of the state for poorer countries enhanced its international reputation, and some of the challenges involved in that work. We’ll hear of the experience of former Ambassador to Argentina Paula Ní Shlataire of wok on a housing project there, and Máirtín Ó Fainnín will talk about his experience of implementing Irish Aid projects in Zambia and Uganda. A panel discussion will follow about some of the challenges involved in this work.
Panelists include Joe Little, former Religious and Social Affairs Correspondent for RTÉ, Sr Siobhán Ní Mhaolmhichíl, who spent some time working in Argentina, Angus Lambkin, who works with the UN, and Fiona Nic Dhonnacha, Ireland Ambassador to Colombia. This is a Scun Scan Production, with support from The Department of Foreign Affairs and the BAI.