Dé Céadaoin 15 Feabhra ag 9:30pm
In Mary Kennedy - Fad Saoil, beidh duine de na pearsantachtaí agus craoltóirí is mó a bhfuil cion ag muintir na tíre uirthi ag dul i ngleic leis an raon leathan tionchar a bhíonn ag a bheith ag dul in aois - amhail uaigneas, ábhair imní faoi shláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte, oistéapóróis, cúrsaí gnéis a láimhseáil agus tú níos sine, agus an t-aoiseachas san ionad oibre. Is mian le Mary tuiscint a fháil ar mar is féidir linn saol chomh sláintiúil agus is féidir a bheith againn go ceann tréimhse chomh fada agus is féidir. Tá sé mar mhisean aici a piaraí a spreagadh chun iad féin a chur amach ansin arís, chun súp a bhaint as an saol agus díriú ar na gnéithe dearfacha de, go háirithe tar éis dhá bhliain thar a bheith deacair agus muid ag féinleithlisiú óna chéile.
Éist le Mary ag caint ar chlár Miriam O' Callaghan ar RTÉ Radio One.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cuirfidh Mary tús lena turas le cuairt ar Choláiste na Tríonóide, áit a bhfuil tionscadal ceannródaíoch taighde ar aosú dar teideal TILDA ar bun. Is í an tOllamh Rose Anne Kenny bunaitheoir agus príomhthaighdeoir an staidéir seo atá chun tosaigh ar leibhéal domhanda, trína ndéantar na hathruithe a tharlaíonn le himeacht ama a scrúdú d'fhonn tuiscint a fháil ar a dtarlaíonn agus daoine ag dul in aois. Ligfidh Mary dóibh roinnt tástálacha a dhéanamh uirthi féin, agus cuirfear iontas an domhain uirthi nuair a chloisfidh sí gur féidir linn smacht a bheith againn ar suas le 80% den phróiseas aosaithe!
Ó cuireadh iallach uirthi féin éirí as RTÉ nuair a bhain sí 65 bliana amach, is é tuairim Mary nach bhfuil ciall ar bith le scor éigeantach. Rachaidh sí chuig Amharclann na Mainistreach chun casadh leis an aisteoir Bríd Ní Neachtain, nach bhfuil lá rúin aici éirí as, a deir go bhfuil go leor le déanamh aici fós. Cloisfidh Mary tuairim Bhríd ar an tionchar a bhíonn ag aosú ar ghairm bheatha agus ar shaol pearsanta aisteoirí mná, agus déanfaidh siad machnamh ar an dearcadh atá ag an tsochaí i leith mná níos sine.
Tagann athruithe ar go leor gnéithe den saol de réir mar a théimid in aois, agus in amanna ní oireann ár mbaile féin dúinn a thuilleadh. An ceart bogadh go háit eile nuair a éiríonn tú níos sine? Creideann Mary gur ceart, má dhéanann tú ag an am ceart é. Bhog Mary í féin le déanaí mar go raibh an teach rómhór di ó d’fhás a clann aníos. Buailfidh Mary le Máire Ní Chinnéide, atá sna 70idí anois, a bhog as Baile Átha Cliath ar ais go Ciarraí, a contae dúchais, nuair a bhí sí sna 60idí.
Rinne Máire an-iarracht pobal cairde a chothú di féin, go háirithe mar gheall go bhfuil cónaí uirthi léi féin. Tabharfaidh sí Mary léi chuig ceann de na himeachtaí sóisialta a bhíonn sí ag freastal orthu - Allagar na hAoine - grúpa áitiúil a chruinníonn le chéile chun plé a dhéanamh ar theanga, ar fhaobhar a choinneáil ar an intinn i gcónaí agus chun cupán tae a bheith acu le chéile. Míneoidh Máire mar a dhéanann sí iarracht réamhbheartaithe dul chuig imeachtaí sóisialta, í féin a choimeád aclaí agus aire a thabhairt dá sláinte. Tá sé thar a bheith tábhachtach di go mbeidh sí neamhspleách i gcónaí, agus bíonn buairt ar Mháire go minic nach mbeidh sí in ann fanacht ina teach féin nuair a bheidh sí níos sine agus meath ag teacht ar a sláinte. Is údar mór imní é seo do Mháire agus beimid léi de réir mar a rachaidh sí i dtaithí ar mar a bhíonn an t-aosú i ndáiríre.
Tá go leor gnéithe éagsúla ann a chuireann le dea-shláinte agus folláine, agus tarraingíodh aird i staidéar a rinneadh le déanaí ar chomh luachmhar is atá an chruthaitheacht agus muid ag dul in aois, go háirithe i gcás na mban. Socraíonn Mary dul agus bualadh leis an gceoltóir agus mórphearsa chultúir Mary Coughlan chun léargas a fháil ar a tuairimí ar mar a choinníonn an chruthaitheacht ag imeacht muid agus muid ag dul amach sna blianta. Cuirfidh Mary Coughlan in iúl nach mbíonn sé éasca i gcónaí a bheith ag éirí níos sine, ach go mbíonn deis againn ár n-intinn a dhíriú ar rudaí dearfacha sa saol nuair atá bealach againn tairbhe a bhaint as an gcruthaitheacht agus dar ndóigh, mar atá tugtha le fios cheana ag an Ollamh Rose Anne Kenny, is féidir suas le 7 mbliana a chur le d’ionchas saoil trí dhearcadh dearfach i leith an tsaoil a bheith agat!
Foghlaimeoidh Mary ceacht spreagúil faoin domhan agus faoin mbeatha ó Áine Uí Dhubhshláine a bhfuil cónaí uirthi cois farraige in iarthar Chiarraí. Fuair a fear céile bás 16 mbliana ó shin, agus inseoidh sí do Mary go mbíonn cumha uirthi i ndiaidh Míchíl gach uile lá ach go mbaineann sí leas iomlán as an saol gach lá agus go mbíonn sé mar mhana aici i gcónaí go bhfuil an chuid is fearr le teacht fós!
Fad Saoil, Dé Céadaoin, 15 Feabhra ag 9.30pm ar TG4