Agus muid ag druidim le céad bliain ó saolaíodh Breandán Ó Beacháin, pléann Des Geraghty an suntas a bhaineann le saothar Gaeilge an Bheachánaigh ar an gclár An Cúinne Dána le Tristan Rosenstock.
Labhair Des mar gheall ar an aithne phearsanta a bhí aige ar an scríbhneoir agus é ina ógánach. Ba charactar, seanchaí agus aisteoir ab ea é riamh, a deir Geraghty. D'aithin Des go raibh dhá leagan den fhear ann, fear a doimhin, rud atá le haithint ina chuid filíochta Gaeilge agus ansin an taobh eile, taobh poiblí, duine a tharraing daoine ina threo, ag éisteacht lena chuid scéalta.
Luaigh Des go bhfuil teacht ar Bhrendan Behan gan aon chur i gcéill ina chuid filíochta Gaeilge. Scríobh sé roinnt mhaith de na dánta seo nuair a bhí sé i bpríosún agus tá Des den tuairim go raibh tionchar aige sin ar an scríbhneoireacht a rinne sé ag an am.
Labhair Des faoin teannas a bhí i mbéal an phobail idir Patrick Kavanagh agus Brendan Behan, rud a choinnigh scéalta sna nuachtáin.
Cé gur fear na cathrach ab ea Behan, Bleá Cliathach go smior, léirigh sé an-spéis sa Ghaeltacht ina shaol freisin. Scríobh sé roinnt filíochta faoi cheantar na Gaeltachta agus bhí meas ag lucht na filíochta ar a chuid filíochta.
As we approach the centenary anniversary of Brendan Behan's birth on 9 February, Des Geraghty joins Tristan Rosenstock to discuss the significance of Behan's Irish-language writing.