Sa chlár faisnéise Snaoisín Bán, a chraolfar Dé Céadoin 8 Feabhra ar 2.05 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, fiosraíonn an t-iriseoir Cóilín Ó Neachtain fadhb an chócaoin i gConamara agus i nGaillimh tré chéile.
Tháinig méadú níos mó ná 50% ar an líon daoine a rugadh orthu i gConamara sa bhliain 2022 le cócaon ina seilbh acu i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.Sa chlár seo, cloiseann muid ón nGarda Síochána faoin bhfadhb mhór seo atá ag fás bliain i ndiaidh bliana, agus faoi obair na n-oifigigh custaim, ó Aonad Muirí na gCoimisinéirí Ioncaim, leis an druga a choinneáil amach as an tír.
Beidh cur síos ón dochtúir teaghlaigh Micheál Ó Cathasaigh ar na fadhbanna sláinte tromchúiseacha a bhaineann le húsáid chócaoin, fadhbanna atá sé ag feiceáil i bhfad níos minicí ina chuid othar anois, agus beidh tuairimí láidre le cloisteáil ón gcomhairleoir andúile Joe Treacy faoi easpa seirbhísí atá ann i gCo. na Gaillimhe do dhaoine atá tugtha don druga.
Cloisfidh muid cur síos pearsanta sa chlár freisin ó fhear óg, 32, a bhí tugtha do chócaon, agus mar a chuaigh rudaí in olcas ón gcéad líne cócaoin a thóg sé go dtí go raibh sé ag caitheamh €500 sa lá ar an druga, agus an dochar mór a rinne sé sin do gach gné dá shaol sula ndeachaigh sé ag cuartú tacaíochta. Beidh cur síos freisin ar na seirbhísí atá ar fáil d'andúiligh in ionad Bushypark in Inis i gCo. an Cláir.
Craolfar Snaoisín Bán Dé Céadoin 8 Feabhra ag 2.05 pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.