skip to main content

Toiréasa Ferris: SF ag géilleadh ar a gcuid prionsabal ar mhaithe le cumhacht

Dúirt Toiréasa Ferris in agallamh le RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh Sinn Féin ag géilleadh an iomarca ar a gcuid prionsabal ar mhaithe le cumhacht, agus go raibh sí an-sásta go raibh an pholaitíocht fágtha ina diaidh aici.

San agallamh ar An Saol ó Dheas, labhair sí faoina cinneadh éirí as an bpolaitíocht, agus dúirt sí:

"Thuigeas go raibh Sinn Féin ag dul i méid. It didn't sit well liom.Bhí comhráití ag tosú ag an sin faoi, mar shampla, an Special Criminal Court, agus fiú na blianta roimhe sin an cháin chorporáideach… de réir mar a bhí an chosúlacht ann go mbeadh deis againn a bheith i gcumhacht, bhí rudaí a bhí ina red line na blianta go dtí sin, nach raibh a thuilleadh.Níor shuigh sé sin go maith liom."

Dúirt sí go raibh sí an-sásta faoina cinneadh éirí as an bpolaitíocht, agus go ndearna sí díreach ag an am ceart é.

"An rud is fearr ná gur rinne mé an cinneadh sin, mar más cuimhin leat an chéad vóta a bhí sa Dáil tar éis an toghchán i 2020 bhí sé ar an legislation faoin Special Criminal Court agus do staon Sinn Féin. Ní bheinnse tar éis staonadh, só an chéad rud a bheadh tarlaithe bheinn caite amach as an bpáirtí parlaiminte mar nár chloí mé leis an treoir mar ní bheinn tar éis é sin a dhéanamh."

Dúirt sí san agallamh le Helen Ní Shé gur éirigh sí as an bpáirtí go hiomlán tar éis di éirigh as an gComhairle Contae

"Ní raibh uaim a bheith páirteach le cad a bheadh ar siúl. Tá súil agam go bhfuil mé mícheart. Poblachtánach is ea mé.Tá ana chuid poblachtánach i Sinn Féin. Tá ana chuid daoine i Sinn Féin, ní dóigh liom gur poblachtánaigh iad, b’fhéidir náisiúnaigh, b’fhéidir sóisialaigh, ach níl siad an dá rud. Ní raibh uaim a bheith páirteach leis an méid go bhfuil eagla orm go bhfuil siad sásta a ghéilleadh ar mhaith le cumhacht. Braithim mídhílis á rá sin, go háirithe nuair atá mé fós ana chairdiúil le ana chuid de na daoine sin, agus sin just an amhras a bhí orm i gcónaí, cé chomh fada is a bheidh siad sásta dul ar mhaithe le cumhacht."

Dúirt sí go ndúirt sí ariamh nach polaiteoir a bhí inti, ach gníomhaí, agus dúirt sí nach raibh sí chun vótáil don pháirtí a thuilleadh, ach don iarrthóir.

"An slí atá mé chun vótáil as seo amach – níl mé chun vótáil i gcomhar an páirtí a thuilleadh, tá mé chun vótáil don ionadaí a sheasann do na rudaí atá tábhachtach domsa.I mo thuairimse, siad Sinn Féin an t-aon pháirtí i láthair na huaire gur féidir rudaí a dhéanamh níos fearr.Ach an mbainfidh siadsan amach an saghas tír atá ag teastáil uaim agus a cheapaim go bhfuilimid i dteideal a fháil faoi dheireadh?Ní dóigh liom."

Bhí Toiréasa Ferris faoi agallamh ag Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.