Labhair Angus Lambkin, Oibreoir leis na Náisiúin Aontaithe ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcrith talún a tharla in Siria agus sa Turc.
Tá na mílte maraithe i ndeisceart na Tuirce agus i dtuaisceart na Siria ag na creathanna talún a tharla athrú aréir agus maidin inné. Labhair Angus Lambkin le Máirín Ní Ghadra faoin tubaiste agus é ar a bhealach chun na Tuirce ag obair le foireann Chomhordaithe Gnóthaí Daonnúla na Náisiún Aontaithe.
Dúirt Lambkin go bhfuil go leor cúinsí a chiallaíonn go mbeidh an obair tarrthála dúshlánach dóibh siúd ina bun, an aimsir agus go bhfuil an chathair seo iarghúlta agus go bhfuil an aerfort is gaire dúnta, anuas ar na deacrachtaí polaitiúla atá ag tarlú in Siria.
Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.